Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Grúpa d’eagraithe

Is gá gur grúpa d’eagraithe a mholann tionscnamh ó na saoránaigh.

Ceanglais

Is gá don ghrúpa na 3 cheanglas seo a leanas a chomhlíonadh:

  1. Is gá ar a laghad seachtar a bhfuil an aois vótála do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa
    bainte amach acu a bheith i ngach grúpa (18 mbliana d’aois, ach amháin sa Bheilg, i Málta agus san Ostair, áiteanna a bhfuil an aois vótála 16 bliana d’aois, agus sa Ghréig, áit a bhfuil sí 17 mbliana d’aois).
  2. Is gá dóibh a bheith ina gcónaí i 7 mBallstát éagsúla ar a laghad. Is gá dóibh a bheith ina náisiúnaigh den Aontas ach ní gá gur náisiúnaigh de 7 mBallstát éagsúla iad. Mar shampla, d’fhéadfadh 3 náisiúnach de chuid na Portaingéile agus 4 náisiúnach de chuid na Liotuáine a bheith sa ghrúpa, fad is go bhfuil cónaí orthu i 7 mBallstát éagsúla den Aontas.
  3. Níl cead ag aon duine den seachtar a bheith ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.

Teagmhálaithe

Is gá don ghrúpa ionadaí agus ionadaí malartach a labhróidh agus a ghníomhóidh ar son an ghrúpa a ainmniú as measc na mball.

Teagmhálaithe a bheidh sa bheirt sin a dhéanfaidh idirchaidreamh idir an grúpa agus an Coimisiún le linn an nós imeachta.

Foirm dhlíthiúil an ghrúpa

Is féidir leat eintiteas dlíthiúil a bhunú chun an tionscnamh a bhainistiú, ach ní gá sin a dhéanamh. Is gá gur i mBallstát den Aontas atá an t-eintiteas cláraithe agus is gá é a bheith bunaithe ar an dlí náisiúnta ábhartha.

Má bhunaíonn tú eintiteas dlíthiúil, is gá d’ionadaí an ghrúpa a bheith údaraithe chun gníomhú thar a cheann.

Tuilleadh eolais

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?