Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 12

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 12

Cén dliteanas atá ort mar rialaitheoir sonraí? 

Tá feidhm aige maidir le Cás 2, ach amháin a mhéid a bhaineann le húsáid sheirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin

Mar ionadaí don ghrúpa d’eagraithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort sínitheoirí a chúiteamh i gcás ina mbeidís thíos le damáistí ábharacha (i.e. costais dhíreacha) nó damáistí neamhábharacha (i.e. do chlú nó d’íomhá), de dheasca na próiseála agus sárú ar RGCS ann dá thoradh sin.

Samplaí:

  • I gcás ina nochtann tú (d’aon ghnó nó le faillí) go dtugann an tUasal Mac Gabhann, atá ina fhostaí agus ina bhainisteoir i dtionscal na gceimiceán, tacaíocht do thionscnaimh maidir le toirmeasc a chur ar úsáid lotnaidicídí a tháirgeann a fhostóir: d’fhéadfadh damáistí ábharacha teacht as sin, mar shampla jab a chailleadh, agus damáistí neamhábharacha, mar shampla clú nó deiseanna fostaíochta a chailleadh
  • I gcás ina gcuirfeá na sonraí bailithe ar fáil do ghrúpa eagraithe thionscnamh eile nó d’eagraíocht éigin a bhainfidh úsáid as na sonraí chun anailís pholaitiúil, próifíliú nó brústocaireacht a dhéanamh: d’fhéadfadh damáistí neamhábharacha teacht as sin.

Baineann an dliteanas sin le próiseálaí sonraí i leith an damáiste a rinneadh de bharr próiseála i gcás nár chomhlíon an próiseálaí sonraí sin oibleagáidí RGCS atá dírithe go sonrach ar phróiseálaithe, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha dóibh.

Beidh tú féin agus an próiseálaí sonraí araon díolmhaithe ón dliteanas maidir le damáistí de thoradh ar an bpróiseáil más féidir leat a chruthú nach bhfuil tú freagrach in aon chor as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.

Gan dochar don dliteanas atá ort mar ionadaí, bíonn comhaltaí an ghrúpa eagraithe faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith aon damáiste a dhéantar le linn tionscnamh a eagrú trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna ndéanamh d’aon ghnó nó le faillí thromchúiseach, faoin dlí náisiúnta infheidhme.

I gcás ina gcruthaítear eintiteas dlítheanach chun an tionscnamh a bhainistiú, aistrítear an dliteanas go dtí an t-eintiteas dlítheanach, in éineacht le feidhm an rialaitheora sonraí.

TABHAIR DO D’AIRE: 

Faoi Chás 1 laghdaítear an dliteanas atá ort ó thaobh ábhair de toisc gur ar an gCoimisiún a chuirtear na príomhfhreagrachtaí maidir le sonraí na sínitheoirí a phróiseáil

Tagairtí:

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?