Oibríocht phróiseála: Gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
Rialaitheoir Sonraí: An Coimisiún Eorpach
An Rialaitheoir Oibriúcháin Sonraí: Aonad SG.C.1 ‘Clár Oibre & Fadbhreathnaitheacht’
Tagairt taifid: DPR-EC-01011
1. Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.
Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad arna dtabhairt a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an dóigh a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat ó thaobh do shonraí pearsanta de. Sonraítear ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Cuirtear an fhaisnéis maidir le hoibríocht phróiseála ‘gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe an Tionscnaimh ó na Saoránaigh’ arna ndéanamh ag Aonad C.1 d’Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh (Aonad SG.C.1) i láthair thíos.
2. Cén fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus cén chaoi a ndéantar sin?
Is é is aidhm do bhailiú agus próiseáil do shonraí pearsanta i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe TES, amhail suirbhéanna, agallaimh nó fócasghrúpaí, measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá ‘feachtas cumarsáide TES’ ó thaobh feasacht an phobail a mhúscailt maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (...), agus maidir le cuspóirí agus feidhmiú an tionscnaimh sin (...)’ i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
Is féidir gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe TES a dhéanamh freisin agus cuspóir sonrach leo athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar fheidhmiú an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin.
Chun na gcríoch sin, próiseálann Aonad SG.C.1 sonraí teagmhála pháirtithe leasmhara ábhartha TES, ag leanúint as próiseáil níos luaithe nó mar chuid den phróiseáil sin i gcomhthéacs ceann de na hoibríochtaí próiseála eile atá ábhartha i gcomhthéacs fheachtas cumarsáide an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, go háirithe:
- Más eagraí TES thú nó más oifigeach thú ó na húdaráis náisiúnta atá bainteach le cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – déantar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs thaifead próiseála sonraí DPR-EC-00068 an Choimisiúin.
- Más ambasadóir TES thú nó má sholáthair tú fianaise aonair ar do thaithí mar chuid d’fheachtas cumarsáide an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh – déantar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs thaifead próiseála sonraí DPR-EC-09286 an Choimisiúin.
- Má ghlac tú páirt in imeacht cumarsáide TES mar chainteoir – déantar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs thaifead próiseála sonraí DPR-EC-01063 an Choimisiúin agus ráitis phríobháideachais an imeachta faoi leith lena mbaineann.
- Má tá teagmháil réamhghníomhach déanta agat leis an gCoimisiún maidir le hábhar a bhaineann le TES – déantar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs thaifead próiseála sonraí DPR-EC-01386 an Choimisiúin.
Is féidir le hAonad SG.C.1 do shonraí pearsanta a phróiseáil freisin i gcomhthéacs gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe trí ‘EUSurvey’ chun aiseolas a bhailiú ó lucht tacaíochta tionscnamh nó ó shaoránaigh i gcoitinne maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun bonn eolais a chur faoin athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanann an Coimisiún ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Déantar do shonraí a phróiseáil in ‘EUSurvey’ i gcomhréir le taifead próiseála sonraí DPR-EC-01488 an Choimisiúin maidir le ‘EUSurvey’.
Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
3. Cé na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
De réir Airteagal 18(1) de Rialachán TES, ‘Déanfaidh an Coimisiún feasacht a ardú i measc an phobail gurb ann don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus faoi na cuspóirí a ghabhann leis agus faoina fheidhmiú, trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus feachtais faisnéise, agus ar an gcaoi sin, déanfaidh sé rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a chur chun cinn.’
Sa chomhthéacs sin, bailiú agus próiseáil shonraí teagmhála pháirtithe leasmhara ábhartha an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, chomh maith le comhairliúchán spriocdhírithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i gcomhthéacs athbhreithniú tréimhsiúil an Choimisiúin ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tá an méid sin bunaithe ar Airteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725, toisc go meastar go bhfuil sé riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais.
Mar sin féin, tá ceanglas maidir le do thoiliú sonrach ann i gcónaí chun do shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe TES eile, amhail suirbhéanna, agallaimh nó fócasghrúpaí, i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(d) agus le hAirteagal 10(2)(a), i gcás inarb ábhartha, de Rialachán (AE) 2018/1725.
4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?
Chun cuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht chomhairliúcháin spriocdhírithe TES mar pháití leasmhar TES, is féidir linn na sonraí seo a leanas a phróiseáil: sonraí teagmhála a fuarthas uait, nó a fhaightear ó bhunachair sonraí ábhartha oifigiúla nó ó bhunachair sonraí ábhartha de chuid Choimisiúin, ó chaidrimh áitiúla gníomhaireachtaí nó de chuid an Choimisiúin arb ann dóibh cheana, nó ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, go háirithe céadainm, sloinne, teideal na feidhme/an phoist, ainm na heagraíochta/an tionscnaimh (más eagraí TES thú), leasanna, sainroghanna náisiúntachta/teanga, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist.
Má tá tú ag glacadh páirt réamhghníomhach i ngníomhaíocht chomhairliúcháin spriocdhírithe ó TES, amhail suirbhé, agallamh nó grúpa fócais, déanfaimid do fhreagraí, d’ionchuir agus do thuairimí pearsanta a phróiseáil maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a bheith ann agus maidir le cuspóirí agus feidhmiú an tionscnaimh sin.
D’fhonn measúnú a dhéanamh ar inrochtaineacht an chirt tacú le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh ar dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, d’fhéadfaí a áireamh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe TES, más gá agus más ábhartha chun na críche thuasluaite amháin, ceisteanna maidir le do stádas sláinte nó maidir le míchumas agus aon ionchur nó tuairimí sonracha ar mhaith leat a roinnt ina leith sin. I gcás den sórt sin, beidh sé roghnach do fhreagra, d’aighneacht agus do thuairim a thabhairt.
5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?
Coimeádann Aonad SG.C.1 do shonraí pearsanta ar feadh na tréimhse ama is gá chun an ghníomhaíocht chomhairliúcháin spriocdhírithe a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a bhailiú nó a phróiseáil tuilleadh, eadhon ar feadh uastréimhse 2 bhliain ón uair a ghlac tú páirt sa ghníomhaíocht chomhairliúcháin spriocdhírithe TES.
6. Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?
Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.
Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a eascraíonn as cur chun feidhme an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí i mBallstáit an Aontais (Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, an ‘RGCS’).
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le cúrsaí slándála ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus leis na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla atá ann, tá rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú ionas nach mbíonn rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil riachtanas eolais dlisteanach acu chun críocha na hoibríochta próiseála sin.
7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?
Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do bhaill foirne an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’, sin agus do bhaill foirne údaraithe conraitheoirí (cuir i gcás Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach). Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe rúndachta breise.
8. Cé na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú agus i gcás inarb infheidhme, an ceart chun do shonraí pearsanta a scriosadh, an ceart chun iniomparthachta sonraí agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta.
Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, rud a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).
Tá tú tar éis toiliú le próiseáil do shonraí pearsanta chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe TES, agus is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás coinbhleachta, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála sin le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.
9. Eolas teagmhála
- An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, an Coimisiún Eorpach, Aonad SG.C.1 ‘Clár Oibre agus Fadbhreathnaitheacht’: SG-ECI-mailing
ec [dot] europa [dot] eu (SG-ECI-mailing[at]ec[dot]europa[dot]eu)
- Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a thíolacadh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí: DATA-PROTECTION-OFFICER
ec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION-OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)
- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
Tá sé an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps
edps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an rialaitheoir sonraí.
10. Cá háit a bhfuil eolas níos mionsonraithe le fáil?
Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (DPO) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl do DPO. Tá an clár le fáil ag an nasc seo a leanas: http://ec.europa.eu/dpo-register.
Tá an oibríocht phróiseála shonrach san áireamh i gclár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-01011.
