Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 2

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 2

Bailiú ar fhoirmeacha páipéir – cé na hoibleagáidí atá ar ionadaí an ghrúpa d’eagraithe mar rialaitheoir sonraí aonair? 

Tá feidhm aige maidir le Cás 2, ach amháin a mhéid a bhaineann le húsáid sheirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin

Mar ionadaí an ghrúpa d’eagraithe, agus tú ag gníomhú mar rialaitheoir sonraí aonair, ní mór duit a chinntiú go bpróiseáiltear sonraí i gcomhréir le RGCS, leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus leis an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus ní mór duit a bheith in ann an méid sin a thaispeáint.

I measc nithe eile, ní mór duit:

  • Measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála ar chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, agus ina measc sin measúnú i dtaobh cé acu an bhfuil na sonraí a bailíodh íogair roimh an bpróiseáil (i gcás sonraí na sínitheoirí a bheith íogair, ba cheart duit Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh agus measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh.
  • Taifead de na gníomhaíochtaí próiseála a chur ar bun agus a choinneáil ar bun.
  • Na bearta iomchuí a dhéanamh chun sonraí pearsanta a chosaint ar chineálacha próiseála neamhdhleathacha (scriosadh de thaisme nó neamhdhleathach nó cailliúint de thaisme, athrú, nochtadh gan údarás nó rochtain gan údarás, go háirithe i gcás ina bhfuil tarchur sonraí thar líonra i gceist leis an bpróiseáil, etc.); D’fhéadfadh na bearta sin a bheith éagsúil ag brath ar cé acu a bhailítear na sonraí ar páipéar nó ar líne.
  • Na sínitheoirí a chur ar an eolas faoin bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta, faoin dóigh a gcinntítear a gcosaint agus faoi na cearta is féidir leis na sínitheoirí a fheidhmiú.
  • A chinntiú go ndéanfar obair leantach chuí ar cheisteanna agus iarrataí ó na sínitheoirí faoi RGCS.
  • A chinntiú go mbeidh slándáil sonraí ann agus na ráitis tacaíochta a bailíodh á gcur faoi bhráid na mBallstát chun iad a fhíorú.
  • A chinntiú nach n-úsáidfear sonraí pearsanta a bailíodh thar an gcuspóir atá sainithe sa Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
  • Fógra a thabhairt don údarás inniúil maoirsithe cosanta sonraí faoi aon sárú ar shonraí pearsanta i bprionsabal laistigh de 72 uair an chloig tar éis teacht ar an eolas faoi agus comhoibriú, má iarrtar é, leis na húdaráis mhaoirseachta cosanta sonraí.
  • A chinntiú go scriosfar gach ráiteas tacaíochta agus aon chóipeanna díobh laistigh de na tréimhsí coinneála sonraí is infheidhme.

Tugtar an liosta thuas chun críoch eolais amháin agus ní scaoileann sé na heagraithe ó na hoibleagáidí is infheidhme go díreach maidir leo faoi RGCS.

Tagairtí:

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?