Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 16

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 16

Cad iad na teorainneacha ama maidir le sonraí a choinneáil? 

Ráitis tacaíochta:

Ní mór don ghrúpa eagraithe agus don Choimisiún araon gach ráiteas tacaíochta a síníodh ar son tionscnamh éigin (agus gach cóip díobh) a scriosadh faoi cibé dáta is túisce acu seo a leanas:

  • 1 mhí amháin tar éis do na heagraithe an tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún
  • 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin.

Má tharraingíonn tú siar do thionscnamh tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, áfach, ní mór na ráitis (agus gach cóip díobh) a scriosadh laistigh de 1 mhí amháin tar éis an tarraingt siar.

Na húdaráis náisiúnta a n-iarrfar orthu na ráitis tacaíochta a fhíorú, ní mór dóibh na ráitis ar fad (agus gach cóip díobh) a scriosadh laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an próiseas sin a chur i gcrích.

Eisceachtaí:

Seoltaí ríomhphoist:

Ní mór don ghrúpa eagraithe agus don Choimisiún gach taifead de sheoltaí ríomhphoist a scriosadh faoi na teorainneacha ama seo a leanas:

  • 1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a bheith tarraingthe siar nó
  • 12 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, nó
  • 12 mhí tar éis an tionscnamh a bheith tíolactha don Choimisiún.

Más le teachtaireacht fhoirmiúil a thugann an Coimisiún freagra ar do thionscnamh, áfach, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse choinneála le haghaidh seoltaí ríomhphoist 3 bliana tar éis an teachtaireacht sin a fhoilsiú.

Tagairtí:

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?