Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe
Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 4
Slándáil – cad iad na bearta ba cheart duit a dhéanamh agus sonraí sínitheoirí á mbailiú ar páipéar?
Tá feidhm aige maidir le Cás 2
Nuair a bhailítear ráitis tacaíochta (agus seoltaí ríomhphoist, más ea) i bhfoirm páipéir, meastar gur sonraí pearsanta iad is gá a chosaint i gcomhréir le RGCS.
Bearta slándála
Mar ghrúpa d’eagraithe, ní mór daoibh bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ráitis tacaíochta a chosaint, go háirithe ar scriosadh de thaisme nó neamhdhleathach nó ar chailliúint, ar athrú, ar nochtadh gan údarás nó ar rochtain gan údarás, agus na rioscaí do shínitheoirí á gcur san áireamh.
Ba cheart an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheith san áireamh sna bearta ábhartha:
- Foirmeacha ráitis páipéir a shlánú agus iad á stóráil (faoi ghlas i dtaisceadáin, más féidir é)
- Foirmeacha páipéir a bailíodh a thíolacadh faoi bhráid údaráis fíorúcháin agus deimhniúcháin an Bhallstáit ábhartha ar bhealach slán; e.g. tríd an bpost cláraithe, trí iompróir iontaofa nó le seirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin.
TABHAIR DO D’AIRE: Ceanglais maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú le cabhair ó lucht feachtais
Tagairtí:
- Airteagail 28 agus 32 de RGCS