Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 10

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 10

Cad ba cheart a dhéanamh agus tú ag láimhseáil iarrtaí a bhaineann le próiseáil sonraí ó shínitheoirí? 

Tá feidhm aige maidir le Cás 2, ach amháin a mhéid a bhaineann le húsáid sheirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin

Mar ábhar sonraí, saoránach atá ag tacú le tionscnamh ó na saoránaigh (sínitheoir), tá an saoránach sin i dteideal an méid seo a leanas a iarraidh ó ionadaí an ghrúpa d’eagraithe:

  • rochtain ar
  • coigeartú ar
  • scriosadh ar, agus
  • srianadh ar phróiseáil

na sonraí pearsanta a bhíonn siad á bpróiseáil mar chuid de na ráitis tacaíochta.

Maidir leis na seoltaí ríomhphoist, is féidir le sínitheoirí a dtoiliú a tharraingt siar chomh maith maidir le tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na sonraí sin (iarraidh ar ‘dhíliostáil’).

Cad ba cheart a sheiceáil tar éis iarraidh mar sin a fháil?

  • Ba cheart a sheiceáil an bhfuil aon sonraí pearsanta de chuid an tsínitheora á bpróiseáil, i.e. ar thíolaic an t-iarratasóir ráiteas tacaíochta le haghaidh an tionscnaimh (agus seoladh ríomhphoist a chur isteach chun nuashonruithe a fháil maidir le dul chun cinn an tionscnaimh, i gcás inarb infheidhme).
    Chuige sin, d’fhéadfadh an t-ionadaí iarraidh ar an sínitheoir aon fhaisnéis a chur ar fáil a d’fhágfadh go bhféadfaí na sonraí a aisghabháil (mar shampla: an Ballstát inar bailíodh sonraí, an neasdáta a bailíodh iad, etc.). Mar sin féin, gan beann ar cé acu an gcuireann an t-ábhar sonraí faisnéis (bhreise) ar fáil i ndáil leis sin nó nach gcuireann, ní mór don ionadaí iarracht réasúnta a dhéanamh an iarraidh a fhreagairt laistigh den teorainn ama.
  • Is cuma cé acu an é an t-iarratasóir an t-ábhar sonraí lena mbaineann, nó ionadaí/duine dlíthiúil a bhfuil sé i dteideal iarraidh an iarratasóra a chur i láthair.

Chuige sin, féadfaidh an t-ionadaí cruthúnas céannachta a iarraidh, nó aitheantóir uathúil an ráitis a cuireadh isteach a iarraidh.

Cén dóigh ar cheart an iarraidh a fhreagairt?

Ní mór an iarraidh féin a láimhseáil tar éis a dheimhniú gur freagra dearfach atá ar an dá cheist thuas. Is féidir eolas a chur ar fáil don ábhar sonraí i scríbhinn, go leictreonach nó fiú ó bhéal. Ní mór é a chur ar fáil gan mhoill agus laistigh de mhí amháin ar a dhéanaí.

De ghnáth, i gcás inar léir nach bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach (go háirithe iarrataí atriallacha), ní mór an t-eolas a chur ar fáil saor in aisce.

TABHAIR DO D’AIRE: 

Iarrataí maidir le sonraí sínitheoirí a bailíodh tríd an lárchóras bailithe ar líne faoi rialú comhpháirteach leis an gCoimisiún, is é an Coimisiún a láimhseálann n hiarrataí sin. Tá oibleagáid an ionadaí teoranta d’aon iarraidh den sórt sin a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

Tagairtí:

  • Caibidil III, Roinn 2 agus 3 de RGCS
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?