Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 9

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 9

Cén t-eolas ba cheart duit a thabhairt do shaoránaigh agus a gcuid sonraí á mbailiú agat? 

Tá feidhm aige maidir le Cás 2 (feidhmíonn an t-ionadaí mar rialaitheoir sonraí aonair), ach amháin a mhéid a bhaineann le húsáid sheirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin

Nuair a chuireann saoránaigh (sínitheoirí) ráiteas tacaíochta isteach (agus má roghnaíonn sé/sí seoladh ríomhphoist a thabhairt), ní mór é/í a chur ar an eolas faoin gcaoi a bpróiseálfar na sonraí pearsanta sin (cad chuige, cén fhad, cé a dhéanfaidh é, agus cé dó a d’fhéadfaí iad a nochtadh, conas a dhéantar iad a chosaint, cé na cearta atá aige/aici mar ábhar sonraí agus conas is féidir leis/léi na cearta sin a fheidhmiú, etc.).

Sa ráiteas tacaíochta arna bhunú leis an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh tá téacs caighdeánach le haghaidh Ráiteas Príobháideachais san áireamh. Freagraíonn an Ráiteas Príobháideachais seo don eolas is ceart a thabhairt do na sínitheoirí agus a gcuid sonraí á mbailiú.

Ráiteas príobháideachais maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh ar páipéar arna bhunú leis an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh:

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), ní úsáidfear do chuid sonraí pearsanta a sholáthróidh tú ar an bhfoirm seo ach amháin chun tacú leis an tionscnamh agus cuirfear ar fáil iad do na húdaráis náisiúnta inniúla iad chun críche fíorú agus deimhniú amháin. Tá tú i dteideal a iarraidh ar ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh seo rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta, mar aon leis na sonraí sin a cheartú, a scriosadh agus a bpróiseáil a shrianadh.

Déanfaidh grúpa d’eagraithe do chuid sonraí a stóráil ar feadh tréimhse uasta coinneála de1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh nó 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cibé acu is túisce. Féadfar iad a choinneáil níos faide ná na teorainneacha ama sin i gcás imeachtaí riaracháin nó dlí, is é sin ar feadh 1 mhí amháin ar a mhéad tar éis na himeachtaí sin a thabhairt i gcrích.

Gan dochar d’aon réiteach riaracháin ná breithiúnach eile, beidh an ceart agat gearán a thaisceadh le húdarás cosanta sonraí am ar bith, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, san ionad oibre nó in áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach.

Is é ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh nó, de réir mar is iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh siad, an rialaitheoir de réir bhrí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus is féidir teagmháil a dhéanamh trí na sonraí a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm seo.

Tá sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí (más ann dó) ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscnaimh seo i gclár an Choimisiúin Eorpaigh, dá bhforáiltear i bpointe 4 den bhfoirm seo.

Is féidir teacht ar shonraí teagmhála an údaráis náisiúnta a gheobhaidh agus a phróiseálfaidh do shonraí pearsanta agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: http://ec.citizens-initiative.europa.eu/public/data-protection

Sonraí a bhailiú ar páipéar

Nuair a bhailítear ráitis tacaíochta i bhfoirmeacha páipéir ba cheart duit cóip den ráiteas príobháideachais, nó nasc chuige, a dháileadh ar shínitheoirí ina dteanga féin. Ba cheart an ráiteas príobháideachais a líonadh isteach le do shonraí teagmhála mar rialaitheoir sonraí, agus le sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí, más ann dó, agus sonraí na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí ábhartha.

Ráiteas príobháideachais maidir le seoltaí ríomhphoist

Ní shainítear sa Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh samhail chomhchosúil le haghaidh ráiteas príobháideachais atá le húsáid agus seoltaí ríomhphoist na sínitheoirí á mbailiú. Mar ionadaí, ní mór duit ráiteas príobháideachais den sórt sin a bhunú i gcomhréir le ceanglais RGCS.

Ba cheart an t-eolas íosta seo a leanas a chur ar fáil do shínitheoirí (féach Airteagal 13 RGCS):

  • cur síos agus cuspóir na próiseála;
  • na sonraí a próiseáladh;
  • faighteoirí na sonraí, más ann dóibh;
  • fad beartaithe na stórála;
  • cearta na sínitheoirí amhail tarraingt siar an toilithe, ceart rochtana, ceartúchán, léirscriosadh nó cur i gcoinne;
  • treoracha maidir leis an gceart gearán a dhéanamh leis na húdaráis.

I gcás ina mbaileofar seoltaí ríomhphoist, ní mór do shínitheoirí toiliú ar leithligh lena bpróiseáil de réir mar a thuairiscítear sa ráiteas príobháideachais.

TABHAIR DO D’AIRE: 

I gcás ina mbailítear ráitis tacaíochta agus seoltaí ríomhphoist tríd an lárchóras bailithe ar líne, is é an Coimisiún Eorpach a bhunaíonn na ráitis phríobháideachais ábhartha. Foilsítear téacsanna na ráiteas príobháideachais seo ar shuíomh gréasáin TES an Choimisiúin.

Tagairtí:

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?