Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

New initiative registered
  • 03/12/2025
New initiative registered: 'No more double standards on human rights'
Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

On 3 December 2025 the European Commission registered a European citizens' initiative entitled 'No more double standards on human rights'.

It calls for establishing a standardised oversight of human rights across the Commission's areas of competence in its external action with third countries’. 

The initiative organisers have six months to open the signature collection.

EU flag, with a symbol and name of the European Parliament
  • 28/11/2025
Éisteacht phoiblí agus díospóireacht i dtaca le ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ i bParlaimint na hEorpa

Tionólfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí an 2 Nollaig maidir leis an 12ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis, is é sin ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’. Tugadh cuireadh do na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh a chur i láthair agus plé a dhéanamh le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Is é Hadja Lahbib, an Coimisinéir um Chomhionannas agus um Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime, a dhéanfaidh ionadaíocht don Choimisiún Eorpach ag an éisteacht. 

An 12 Nollaig déanfaidh Feisire de Pharlaimint na hEorpa díospóireacht faoin tionscnamh le linn a seisiún iomlánach agus glacfaidh an Coimisiún Eorpach páirt ann freisin.
 

Déanfar an dá chruinniú a shruthú ar an ngréasán agus a thaifeadadh.

New initiative registered
  • 25/11/2025
Dhá thionscnamh nua cláraithe

An 25 Samhain 2025 chláraigh an Coimisiún ceithre thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh, dar teideal: 

Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh chun bailiúchán na sínithe a oscailt.

An image of a badge with "1M" in it
  • 17/11/2025
An 13ú tionscnamh bailí ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach’ a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú

An 17 Samhain 2025, cuireadh an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach’ faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, rud a fhágann gurb é an 13ú tionscnamh ar éirigh leis agus a scrúdóidh an Coimisiún. 

Tá 1,128,063 ráiteas tacaíochta bailíochtaithe ó shaoránaigh an Aontais faighte ag an tionscnamh, líon a sháraíonn an t-íosmhéid is gá, is é sin aon mhilliún ráiteas tacaíochta bailí, agus a bhain na tairseacha amach i 11 mBallstát.

Iarrann eagraithe an tionscnaimh ar an gCoimisiún toirmeasc dlíthiúil ceangailteach a mholadh ar chleachtais tiontúcháin atá dírithe ar shaoránaigh LADTI+ san Aontas Eorpach.

Tá go dtí an 18 Bealtaine 2026 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh, más ann dóibh. Féach an méid a tharlóidhn idir an dá linn: Céim ar Chéim

Physical event (3rd party)
  • 31/10/2025
Ceardlann: ‘Saoránaigh a chumhachtú: Rannpháirtíocht a fheabhsú ar mhaithe le todhchaí athléimneach san Aontas Eorpach’

Ag Cruinniú Mullaigh Gnóthaí Poiblí na bliana seo sa Bhruiséil, breathnófar sa cheardlann ‘Saoránaigh a chumhachtú: Rannpháirtíocht a fheabhsú ar mhaithe le todhchaí athléimneach san Aontas Eorpach’, breathnófar ar na bealaí ar féidir le saoránaigh ról níos láidre a bheith acu i dtaca le cinntí an Aontais a mhúnlú, an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ina measc. I measc na gcainteoirí beidh David Knight, Cúntóir Beartais ar fhoireann an Choimisinéara Maroš Šefčovič agus Elisa Lironi, Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin ECAS.

Déardaoin, 06 Samhain 2025, 12:00 (Am Lár na hEorpa)

  • 01/10/2025
Fáilte curtha ag an gCoimisiún Eorpach roimh eagraithe an 12ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis

I gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tugadh an deis d’eagraithe an 12ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis, dar teideal ‘Mo ghuth, Mo rogha: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte agus Inrochtana’, cuspóirí a dtionscnaimh a mhíniú go mion. Chuir an Coimisinéir um Chomhionannas, Hadja Lahbib, agus oifigigh an Choimisiúin Eorpaigh fáilte rompu an 1 Deireadh Fómhair 2025.

Icon of paper with list and checkmarks and big 'X' indicating refused
  • 29/09/2025
Cinneadh déanta ag an gCoimisiún maidir le hiarraidh ar thionscnamh nua a chlárú

An 29 Meán Fómhair, bhí ar an gCoimisiún diúltú do chlárú an tionscnaimh dar teideal ‘Roghnú eiticiúil ionadaithe Eorpacha’. Níor chomhlíon an tionscnamh na coinníollacha foirmiúla a bunaíodh sa Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Is é sin an dara diúltú ó tháinig an Rialachán nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i bhfeidhm i mí Eanáir 2020.

Initiative answered (successful)
  • 03/09/2025
Tugann an Coimisiún Eorpach freagra ar an tionscnamh ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach inniu a fhreagairt ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’, arb é an t-aonú tionscnamh déag ar éirigh leis agus ar thacaigh breis agus 1 mhilliún saoránach ar fud an Aontais leis. Bhailigh an tionscnamh os cionn 1.2 milliún síniú bailí agus baineadh amach na tairseacha ba ghá i 8 gcinn de Bhallstáit.

Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún.

 

An image of a badge with "1M" in it
  • 01/09/2025
An 12ú tionscnamh bailí ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ curtha faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú

An 1 Meán Fómhair 2025, cuireadh an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Is é an 12ú tionscnamh rathúil é a bheidh faoi scrúdú ag an gCoimisiún. Tá 1,124,513 ráiteas tacaíochta bhailí ó shaoránaigh an Aontais faighte ag an tionscnamh, líon a sháraíonn an t-íosmhéid is gá, is é sin aon mhilliún ráiteas tacaíochta bailí, agus a bhain na tairseacha amach i 19 mBallstát.

Iarrann eagraithe an tionscnaimh ar an gCoimisiún togra a chur isteach le haghaidh tacaíocht airgeadais do na Ballstáit a d’fhágfadh go mbeidís in ann foirceannadh sábháilte toircheas a chur ar fáil d’aon duine san Eoraip nach bhfuil rochtain aici ar ghinmhilleadh sábháilte dleathach.

Tá go dtí an 2 Márta 2026 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh, más ann dóibh. Buailfidh an Coimisiún leis na heagraithe chun an tionscnamh a phlé go mion sna seachtainí amach romhainn. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin.

Logo of Fur Free Europe
  • 01/08/2025
Obair leantach ar an tionscnamh Eorpach rathúil ó na saoránaigh ‘Eoraip Saor ó Fhionnadh’ 

I bhfreagra an Choimisiúin ar an tionscnamh ‘Eoraip Saor ó Fhionnadh’, rud a cuireadh i láthair i mí na Nollag 2023, chuir sé de chúram ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) tuairim eolaíoch a thabhairt maidir le leas na n-ainmhithe a shaothraítear chun fionnadh a tháirgeadh. Foilsíodh tuairim EFSA an 30 Iúil 2025. Chun cur leis an ionchur eolaíoch sin a thuilleadh, agus le measúnú ar na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta, cuirfidh an Coimisiún an ghníomhaíocht leanúnach is iomchuí in iúl maidir leis an tionscnamh faoi mhí an Mhárta 2026. 

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?