Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Gluais cosanta sonraí

Téigh ar ais chuig an bpríomhleathanach den Treoir maidir le Cosaint Sonraí d’eagraithe

 

Lárchóras Bailithe ar Líne

Córas teicneolaíochta faisnéise daingnithe a bhunaigh agus a oibríonn an Coimisiún Eorpach dá bhforáiltear go sainráite faoin Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (Airteagal 10). Fágann sé gur féidir ráitis tacaíochta a bhailiú (trí fhoirmeacha gréasáin agus trí ríomh-shainaitheantas san áireamh), a stóráil agus a thíolacadh go slán chuig na Ballstáit lena bhfíorú, agus gur féidir seoltaí ríomhphoist na sínitheoirí a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh freisin.

Rialaitheoir sonraí

Duine nádúrtha nó dlíthiúil nó comhlacht eile atá freagrach as sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chinneann cuspóir agus modhanna a bpróiseála. Féach "Rialaitheoirí comhpháirteacha" freisin.

Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí

Measúnú ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála atá beartaithe ar chearta agus ar shaoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí. Féach Rialachán (AE) 2018/1725, Airteagal 39 agus Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 35.

An duine is ábhar do na sonraí

Duine nádúrtha is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir, cuir i gcás ainm, uimhir aitheantais, srl.

Féach "Sonraí pearsanta" agus "Sonraí íogaire" freisin.

"Rialachán an Aontais maidir le Cosaint Sonraí"

Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Seirbhís malartaithe comhad

Réiteach teicneolaíochta faisnéise de chuid an Choimisiúin chun ráitis tacaíochta a chur faoi bhráid na mBallstát go slán lena bhfíorú agus lena ndeimhniú, ar réiteach é a oibrítear trí úsáid a bhaint as S-CircaBC, córas teicneolaíochta faisnéise an Choimisiúin atá ann cheana. Úsáidtear an téarma sin ar an suíomh seo freisin i ndáil le ráitis tacaíochta a bailíodh ar pháipéar a thíolacadh (in ionad an téarma ‘lárchóras bailithe ar líne’ a úsáidtear in Airteagal 10(1)(5) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh).

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

Rialachán (AE) 2016/679 an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Rialaitheoirí comhpháirteacha

I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó cuspóir agus modhanna na próiseála go comhpháirteach. Is gá socrú trédhearcach a bheith ann chun a bhfreagrachtaí faoi seach a chinneadh maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Cuirfear buneolas maidir leis an socrú sin ar fáil don duine is ábhar do na sonraí. I gcomhthéacs an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh, baineann an méid sin go háirithe leis an Lárchóras Bailithe ar Líne.

Eintiteas dlíthiúil

I gcomhthéacs an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh, is féidir eintiteas dlíthiúil a chruthú chun an tionscnamh a bhainistiú. I gcás mar sin, measfar gur grúpa d'eagraithe é an t-eintiteas dlíthiúil sin, nó grúpa dá chomhaltaí. Feidhmeoidh sé in áit an ionadaí freisin ina ról mar rialaitheoir sonraí.

(Grúpa de) Eagraithe

Daoine nádúrtha atá freagrach as tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a ullmhú agus a bhainistiú ó thús go deireadh a ré. Foráiltear leis an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh gurb é an grúpa eagraithe a bhainistíonn oibríochtaí próiseála sonraí éagsúla (go háirithe: bailiú, tíolacadh lena bhfíorú agus lena scriosadh). Nuair a dhéanann an grúpa eagraithe ina iomláine, nó na comhaltaí iad féin cé is moite den ionadaí, na hoibríochtaí próiseála sonraí sin meastar iad a bheith déanta faoi rialú an ionadaí.

Sonraí pearsanta

Aon eolas a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta ("an duine is ábhar do na sonraí").

Próiseáil

Aon oibríocht nó aon tacar oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, cuir i gcás bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscrios nó díothú.

Ionadaí

Comhalta (ceannaire) den ghrúpa d'eagraithe de chuid tionscnaimh ó na saoránaigh, a bhfuil feidhm an rialaitheora sonraí nó an chomhrialaitheora sonraí aige maidir leis na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a dhéantar i ndáil leis na sonraí pearsanta a ndearna an grúpa d'eagraithe próiseáil orthu

I gcás ina ndéanann an treoir seo tagairt d'ionadaí an ghrúpa d'eagraithe mar rialaitheoir sonraí, is ceart a thuiscint go bhfuiltear ag déanamh tagairt don eintiteas dlíthiúil a bhainistíonn an tionscnamh sin i gcás inar cruthaíodh eintiteas mar sin.

Sonraí íogaire

Sonraí pearsanta lena léirítear bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha, sonraí sláinte nó sonraí maidir le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha. Tugtar "catagóirí speisialta sonraí pearsanta" orthu freisin. Tuilleadh eolais

Sínitheoir

Saoránach de chuid an Aontais a thacaigh le tionscnamh áirithe trí fhoirm ráitis tacaíochta a líonadh isteach i ndáil leis an tionscnamh sin; is iad sínitheoirí an príomhghrúpa daoine ar ábhair do na sonraí iad a mbaineann an treoir seo leo.

Ráiteas tacaíochta

Dearbhú lena dtacaíonn sínitheoir le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ar féidir é a líonadh isteach agus a shíniú ar pháipéar, a líonadh isteach ar líne trí úsáid a bhaint as foirm ghréasáin nó a shíniú ar líne le ríomh-shainaitheantas. Sá chéad dá chás sin, is gá go leanfadh na ráitis tacaíochta samhail dá bhforáiltear sa Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. I ngach cás, bíonn tacar shonraí pearsanta an tsínitheora iontu.

 

SÉANADH

Tá sé de chuspóir leis an treoir atá ann faoi láthair cur leis an tuiscint ar na ceanglais maidir le cosaint sonraí AE a bhaineann le hoibríochtaí próiseála dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (Rialachán ECI). Is ag na téacsanna den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Rialachán maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí an Aontais (EUDPR) agus acu siúd amháin a bhfuil stádas dlí. Ní féidir an treoir sin a chur in ionad an chreata dhlíthiúil is infheidhme, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, conarthaí ceangailteacha amhail comhaontuithe maidir le rialú comhpháirteach.

Sa treoir seo cuirtear faisnéis phraiticiúil ar fáil d’eagraithe tionscnamh ó na saoránaigh agus níor cheart a mheas go n-eascraíonn aon cheart infheidhmithe nó ionchas dlisteanach aisti. Go háirithe, tá an treoir seo gan dochar don fhreagracht atá ar ionadaí an ghrúpa eagraithe, mar rialaitheoir sonraí, de bhun Airteagal 5(2) de RGCS, oibleagáidí agus rialacha RGCS a chomhlíonadh agus a chinntiú.

Is inniúlacht eisiach de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é léirmhíniú ceangailteach reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Na tuairimí a chuirtear in iúl sa treoir seo, tá siad gan dochar don seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Ós rud é gur léiriú é an treoir seo ar an úrscothacht tráth a dréachtaithe, ba cheart breathnú uirthi mar ‘uirlis bheo’ a d’fhéadfaí a fheabhsú agus d’fhéadfadh an t-ábhar atá ann a bheith faoi réir modhnuithe gan fógra.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?