Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 18

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 18

Tacaíocht agus cistiú – cad faoi ar cheart duit a bheith ar an eolas agus sonraí pearsanta á bpróiseáil? 

Mar ghrúpa eagraithe, ní mór daoibh eolas shoiléir chruinn chuimsitheach a léiriú maidir leis na foinsí tacaíochta agus maoinithe do bhur dtionscnamh, le haghaidh chlár poiblí Thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus, i gcás inarb iomchuí, ar shuíomh gréasáin bhur bhfeachtais.

 

An fhaisnéis atá le cur ar fáil i ndáil le tacaíocht agus cistiú:

  • Tacaíocht agus cistiú a fhaightear ó fhoinse ar bith os cionn €500 in aghaidh an urra (áirítear leis sin tacaíocht airgeadais agus tacaíocht chomhchineáil)
  • Na heagraíochtaí a chuidíonn leis ar bhonn deonach, i gcás nach bhfuil cainníocht eacnamaíoch ag an tacaíocht sin.

Dá bhrí sin, daoine nádúrtha a thug méideanna os cionn €500 mar thacaíocht, ní mór sonraí pearsanta na ndaoine nádúrtha sin a bhailiú, mar atá:

  • ainm iomlán an urra
  • dáta an tabhartais
  • méid an tabhartais (os cionn €500).

 

Amlíne maidir le faisnéis a chur ar fáil i ndáil le tacaíocht agus cistiú:


Ní mór an t-eolas sin a chur ar fáil go háirithe tráth an chláraithe don tionscnamh atá beartaithe agus tráth a thíolactha don Choimisiún Eorpach (nuair a bheidh an 1 mhilliún síniú riachtanach deimhnithe), ach ba cheart an t-eolas sin a nuashonrú gach dhá mhí chomh maith. Ba cheart daoibh na sonraí sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach trí mheán na foirme chuige sin i gcuntas d’eagraithe chun go bhfoilseofar sa chlár poiblí iad.

 

Rialacha agus róil a bhaineann le cosaint sonraí:

A mhéid a bhaineann leis na sonraí sin, is rialaitheoir aonair sonraí é ionadaí an ghrúpa d’eagraithe, agus tá ról an phróiseálaí sonraí ag an gCoimisiún Eorpach agus is é a fhoilsíonn an t-eolas sin sa chlár.

Próiseáil shonraí pearsanta na n-urraí ar daoine nádúrtha iad, tá sí sin faoi réir cheanglais RGCS atá comhchosúil leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le sonraí na sínitheoirí.  

Más daoine nádúrtha iad na hurraí, cuirfidh an grúpa d’eagraithe ráiteas príobháideachais iomchuí ar fáil dóibh tráth bailithe dá gcuid sonraí. Ba cheart do na heagraithe a chur in iúl dóibh, go háirithe, go bhfoilseofar a gcuid sonraí sa chlár.

Faoin Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, tá sé de cheart ag urraí cur in aghaidh fhoilsiú a gcuid sonraí pearsanta ach cúiseanna dlisteanacha dosháraithe a bheith acu a bhaineann lena gcás féin go sonrach, agus tá sé de cheart acu iarraidh a dhéanamh ar na sonraí sin a cheartú tráth ar bith.

Tagairtí:

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?