Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoirlínte agus moltaí le cur chun feidhme go praiticiúil ag na Ballstáit

Na treoirlínte agus na moltaí seo i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (‘an Rialachán’ anseo feasta), is le haghaidh údaráis inniúla na mBallstát iad (agus cuid den chúis ar ullmhaíodh iad is ea gur iarr na húdaráis sin iad). Clúdaíonn siad céimeanna éagsúla de nós imeachta an tionscnaimh ó na saoránaigh, go háirithe na céimeanna sin a bhaineann le haistriú agus le fíorú na ráiteas tacaíochta. Ar an ábhar sin, beidh siad ina gcuidiú ar go leor bealaí do na heagraithe.

Den chuid is mó, déanann na treoirlínte agus na moltaí seo soiléiriú nó nuashonrú ar chomhairle a thug an Coimisiún roimhe, bíodh sé i bpáipéir leathoifigiúla, i gcomhfhreagras i scríbhinn, nó ag cruinnithe de Ghrúpa Saineolaithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hiad a athbhreithniú le himeacht ama, de réir thaithí údaráis inniúla na mBallstát agus an Choimisiúin i dtaca lena gcur chun feidhme.

Guidelines for Member States
Béarla
(197.07 KB - PDF)
Íoslódáil

Malartú faisnéise

Clárú

Cuirfidh an Coimisiún údaráis na mBallstát ar an eolas trí ríomhphost faoi iarrataí ar chlárú tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh a bhfuil sé tar éis glacadh leo nó diúltú dóibh.

Tús na tréimhse bailiúcháin:

Nuair a bheidh an Coimisiún curtha ar an eolas ag na heagraithe faoi dháta tosaigh na tréimhse bailiúcháin, cuirfidh an Coimisiún an dáta sin in iúl d’údaráis na mBallstát. Sonróidh an Coimisiún dáta tosaigh agus dáta deiridh an bhailiúcháin sa chlár poiblí. 

Fíorú ráiteas tacaíochta:

I gcás ina gcuirfidh na heagraithe iarraidh isteach ar fhíorú na ráiteas tacaíochta ar páipéar gan seirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin a úsáid, ba cheart d’údarás Ballstáit a fhaigheann an iarraidh sin an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach. Ansin roinnfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin le húdaráis na mBallstát eile. I gcás ina n-úsáidfidh na heagraithe seirbhísí aistrithe (an tseirbhís malartaithe comhad) a chuirfidh an Coimisiún ar fáil, beidh feidhm ag an nós imeachta sonrach lena n-áirítear fógra mar a shainmhínítear faoi Roinn 4 thíos

Imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin:

Ní mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin atá ar siúl ina dtír féin a mhéid a bhaineann le próiseas nó toradh fhíorú na ráiteas tacaíochta.  I gcás imeachtaí den sórt sin, cuirfear scriosadh na sonraí sa lárchóras bailithe ar líne siar. 

Is féidir cumarsáid idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát a dhéanamh trí ríomhphost ach bosca ríomhphoist feidhmiúil an Choimisiúin a úsáid: SG-ECI-EXPERT-GROUP@ec.europa.eu.

Foirmeacha ráitis tacaíochta

Tá saoirse ag na heagraithe úsáid a bhaint as na foirmeacha a chuirtear ar fáil dóibh ina gcuntas eagraí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, nó as foirmeacha a ullmhaíonn siad féin bunaithe ar na foirmeacha samplacha a leagtar amach sa Rialachán. Féadfaidh údaráis na mBallstát foirmeacha den sórt sin a chur ar fáil do na heagraithe, ach ní féidir a shainordú go n-úsáidfear iad.

I ngach cás, níor mhór go gcomhlíonfadh na foirmeacha a úsáidtear chun ráitis tacaíochta ar páipéar a bhailiú – ar féidir iad a scríobh in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais – an fhoirm shamplach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán, ní mór na sonraí is gá le haghaidh gach Ballstáit faoi seach de bhun Iarscríbhinn III (Cuid A nó Cuid B) a bheith san áireamh iontu, agus ní mór an fhaisnéis bhunriachtanach is gá faoin tionscnamh mar a fhoilsítear í i gclár an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh a chur ar fáil iontu. 

Cé gur cheart na foirmeacha a ullmhaíonn na heagraithe a bheith i gcomhréir iomlán leis an bhfoirm shamplach a chuirtear ar fáil in Iarscríbhinn III, d’fhéadfaí iad a leasú chun lógó an tionscnaimh, nó íomhá den tionscnamh, a chur leo.

Ba cheart an fhoirm a bheith ar aon bhileog amháin (féadfaidh sí a bheith déthaobhach), mar mar gur dhearbhú éigin é sin go bhfeicfeadh na sínitheoirí iomlán na foirme agus an fhaisnéis atá uirthi. Thairis sin, ba cheart é a bheith soiléir do na sínitheoirí sula síníonn siad an fhoirm cén Ballstát a seolfar chuige í. Ní mór gur chuig Ballstát náisiúntacht an tsínitheora, nó chuig Ballstát ceann dá náisiúntachtaí, a sheolfar an fhoirm.

Ní mór raon feidhme an tionscnaimh mar a cláraíodh é a léiriú sna foirmeacha (i gcás clárú iomlán nó i gcás clárú páirteach araon). Tá an fhaisnéis ábhartha san áireamh sna foirmeacha a chuirtear ar fáil do na heagraithe ina gcuntas ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Na foirmeacha a úsáidfidh na heagraithe chun páipéir a bhailiú, beidh siad i gcomhréir leis na foirmeacha samplacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán (féach Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, den Rialachán). Níl údarás Ballstáit inniúil chun foirmeacha nua a dhearann na heagraithe a ‘fhormheas’. I gcás ina mbeidh amhras ann faoi chomhréireacht leis an bhfoirm shamplach a thugtar in Iarscríbhinn III, féadfaidh údaráis na mBallstát teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún más gá.

Níl feidhm ag na foirmeacha maidir le tacaíocht a thugtar trí eID (féach Airteagal 9(2), an fhomhír dheireanach, den Rialachán).

Sínitheoirí

De réir Airteagal 2 den Rialachán, ní mór do na sínitheoirí, ar gá dóibh a bheith ina saoránaigh den Aontas, a bheith sean go leor le bheith i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, nó 16 bliana d’aois ar a laghad, ag brath ar chinneadh an Bhallstáit lena mbaineann.  An ceart chun vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bheith acu nó a bheith cláraithe chun vótáil sna toghcháin sin, ní féidir é sin a bheith ina cheanglas chun tacú le tionscnamh ó na saoránaigh. Ní mór do na Ballstáit a fhíorú go bhfuil an sínitheoir sean go leor, agus sin amháin. Ní mór na Ballstáit ráitis tacaíochta a gcuid náisiúnach is saoránaigh a fhíorú, gan beann ar a n-áit chónaithe.

Nuair a bheartaíonn Ballstát an aois íosta ag ar féidir tacú le tionscnamh ó na saoránaigh a laghdú nó má bheartaíonn sé an aois íosta chun vótáil sna toghcháin Eorpacha a laghdú (rud a d’fhágfadh gurb ísle an aois íosta chun tacú le tionscnamh ó na saoránaigh), ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún faoin athrú sin, dáta a theacht i bhfeidhm san áireamh. Ba cheart an fógra sin a thabhairt 3 mhí roimh ré más féidir chun deis a thabhairt don Choimisiún agus do na heagraithe an t-athrú a chur i bhfeidhm ar na foirmeacha ábhartha.

Chun faisnéis a fháil maidir le ceanglais sonraí, féach: https://citizens-initiative.europa.eu/data-requirements_ga 

Ráitis tacaíochta a aistriú le fíorú

Ginearálta

Ní féidir le heagraithe ach iarraidh amháin ar fhíorú ráiteas tacaíochta le haghaidh gach tionscnaimh a chur faoi bhráid údarás gach Ballstáit inniúil. Bíonn cead acu déanamh amhlaidh nuair a bhíonn an líon íosta ráiteas tacaíochta faoin Rialachán bailithe acu. An tráth céanna, ní gá go mbeadh íostairseach bainte amach acu i mBallstát ar leith chun go ndéanfadh an Ballstát sin an fíorúchán.

Foilsíonn an Coimisiún dáta deiridh na tréimhse bailiúcháin sa chlár (12 mhí ón dáta a leagann na heagraithe síos chun a mbailiúchán a thosú). Cé go maireann an tréimhse bhailiúchán 12 mhí, féadfaidh na heagraithe a chinneadh deireadh a chur leis an mbailiúchán níos luaithe (Airteagal 8(1)). Ina dhiaidh sin, ní mór do na heagraithe a n-iarrataí ar fhíorúchán a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta laistigh de 3 mhí ón dáta sin. 

Ráitis tacaíochta a bhailíonn na heagraithe tríd an lárchóras bailithe ar líne, cuireann an Coimisiún faoi bhráid údaráis na mBallstát iad tríd an gcóras malartaithe comhad (S-CircaBC).

Ní mór ráitis tacaíochta a bhailítear ar páipéar a chur isteach ar leithligh i bhfoirm pháipéir nó i bhformáid leictreonach (e.g. scanta mar PDF nó JPEG).  Féadfaidh eagraithe iad sin a chur isteach tríd an tseirbhís malartaithe comhad.

Ní mór ráitis tacaíochta a bhailítear ar líne a chur isteach san fhormáid leictreonach thuasluaite. 

Níl sé de cheangal ar na heagraithe uimhir a shannadh do gach ráiteas tacaíochta, ach is féidir leo déanamh amhlaidh.

Seirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin a úsáid (rud a oibrítear trí úsáid a bhaint as an gcóras s-CircaBC)

Nuair a úsáideann eagraithe an tseirbhís malartaithe comhad, bíonn feidhm ag an sprioc-am 3 mhí chun an iarraidh ar fhíorúchán a chur isteach. Tabhair do d’aire go bhféadfadh moill suas le 5 lá a bheith ann, tar éis do na heagraithe an aighneacht a thosú, sula gcuirfeadh an Coimisiún an t-aistriú i gcrích. Is é is ceart a thuiscint as dáta iarrata an fhíorúcháin ná an dáta a d’iarr na heagraithe an aighneacht. 

A luaithe a bheidh an t-aistriú curtha i gcrích ag an gCoimisiún agus a bheidh na comhaid ar fáil in S-CircaBC, ní mór do na Ballstáit a fhíorú go bhfuil na comhaid i bhformáid inléite agus a dheimhniú do na heagraithe agus don Choimisiún go bhfuarthas na comhaid agus dea-eagar orthu. Is lasmuigh den tseirbhís malartaithe comhad a dhéanfar a admháil go bhfuarthas na comhaid agus a dhéanfar aon chumarsáid ina dhiaidh sin leis na heagraithe.

Ní féidir a chur as an áireamh, maidir leis na heagraithe a bhaineann úsáid as s-CircaBC chun a gcuid ráiteas páipéir a chur isteach, go gcuirfeadh na heagraithe sin a gcuid comhad isteach i bhfillteán an Bhallstáit mhíchirt in s-CircaBC. Ós rud é nach bhfuil rochtain ag an gCoimisiún ar na sonraí atá sa chóras sin, ní bheidh sé in ann é sin a sheiceáil. Má tá na comhaid criptithe le heochair phoiblí an Bhallstáit a meastar gur cuireadh na ráitis tacaíochta faoina bhráid, ní bheidh an Ballstát a fhaigheann na comhaid sin trí earráid in ann iad a léamh. Ní bheidh údarás an Bhallstáit a ndeachthas i dteagmháil leis go hearráideach in ann rochtain a fháil ar na comhaid ach amháin má tá na comhaid criptithe go hearráideach le heochair phoiblí an Bhallstáit sin lena ndeachthas i dteagmháil leis go hearráideach. Sa dá chás, tabharfaidh údarás an Bhallstáit fógra do na heagraithe agus don Choimisiún a luaithe is féidir, agus scriosfaidh sé na comhaid i gcomhaontú leis na heagraithe.   

Na treoracha praiticiúla maidir le conas an próiseas fíorúcháin a láimhseáil, is féidir leis na Ballstáit iad a cheadú trí úsáid a bhaint as an tseirbhís malartaithe comhad i spás tiomnaithe slán in in S-CircaBC.

Cuirtear an méid seo a leanas i gcuimhne d’údaráis inniúla na mBallstát:

  • ní mór dóibh córas bainistithe eochracha a chur i bhfeidhm chun comhaid a rochtain ar s-CircaBC (lena sanntar cé a údaraítear leis na heochracha a rochtain agus a úsáid (bainistiú leaganacha) chun a áirithiú go gcosnaítear na heochracha uile ar rochtain neamhúdaraithe;
  • glacann siad páirt i dtástálacha ar nósanna imeachta s-CircaBC a eagróidh an Coimisiún dhá uair sa bhliain, na tástálacha ar bhailíocht na n-eochracha (agus a leaganacha) a úsáidfear chun na comhaid a uaslódálann an Coimisiún nó na heagraithe a rochtain san áireamh;  
  • gheobhaidh siad fógra uathoibríoch ó s-CircaBC a luaithe a bheidh na comhaid ar fáil le híoslódáil. Ansin déanfaidh siad deimhin de go gcuirfidh siad an próiseas fíorúcháin i gcrích laistigh den amlíne a fhorordaítear sa Rialachán. 

Ráitis tacaíochta a fhíorú

Laistigh de 3 mhí ó fhaigheann siad na ráitis tacaíochta, ní mór d’údaráis na mBallstát seiceálacha iomchuí a dhéanamh chun iad a fhíorú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta (Airteagal 12(4). Is ar an mbonn sin a chinneann siad agus a dheimhníonn siad an líon ráiteas tacaíochta bailí. Ní mór an deimhniú a eisiúint saor in aisce.

Ní mór d’údaráis na mBallstát glacadh leis na ráitis tacaíochta i gceann ar bith de theangacha oifigiúla an Aontais. Mar sin féin, ní mór ábhar an tionscnaimh a shonraítear ar an bhfoirm a bheith ag teacht leis an téacs a fhoilsítear i gclár an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh sa teanga chomhfhreagrach. 

Ní gá d’údaráis na mBallstát barántúlacht na sínithe a bhailítear i bhfoirm pháipéir a sheiceáil, ach is gá dóibh comhleanúnachas na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil a sheiceáil, agus é sin amháin.

Ós rud é go bhfuil impleachtaí dlíthiúla ag an gcleachtadh fíorúcháin, impleachtaí a d’fhéadfaí a chonspóid os comhair na cúirte, tá sé tábhachtach go mbeadh coimircí áirithe i bhfeidhm, go háirithe nuair a úsáidtear an tsampláil randamach mar mhodh:

  •  Méid an tsampla. Ba cheart d’údaráis na mBallstát a chinntiú go roghnaíonn siad sampláil randamach atá bailí ó thaobh staitisticí de, i.e. sampla atá mór go leor agus ionadaíoch go leor agus, i gcás inarb iomchuí, a chuireann leibhéil éagsúla riosca san áireamh (e.g. riosca níos airde i measc ráitis tacaíochta a bhailítear trí chainéal ar leith). Chun an méid sin a dhéanamh, ba cheart dóibh lamháil earráide agus leibhéal muiníne a roghnú a áiritheoidh go mbeidh na torthaí cruinn go leor. Ina theannta sin, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil gá leis an daonra a shrathú, mar shampla a mhéid a bhaineann le bealaí a bhféadfaí an bailiúchán a dhéanamh, roimh an tsampláil, go háirithe má tá amhras ann nach bhfuil baisceanna áirithe ráiteas tacaíochta chomh hiontaofa céanna le cinn eile.
  • Earráidí bréagacha. Níor cheart go neamhbhaileodh botúin nó athruithe beaga áirithe na ráitis tacaíochta nach bhfuil léiriú ná amhras ann ina leith go bhfuil calaois ar siúl (e.g. tá fíorearráid déanta ag an sínitheoir [1] nó tá mioneolas fágtha ar lár aige [2] nach gcaitheann amhras ar bharántúlacht an ráitis tacaíochta nó nach gcuireann cosc ar na húdaráis an sínitheoir a shainaithint), nó d’athraigh an sínitheoir a áit chónaithe ó shínigh sé an tionscnamh. Is féidir cuntas a thabhairt ar bhotúin nó athruithe den sórt sin trína mheas go bhfuil céatadán áirithe de ráitis neamhbhailíochtaithe bailí. Más go huathoibríoch a dhéantar an fíorúchán, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na ráitis tacaíochta dhiúltaithe a sheiceáil faoi dhó de láimh chun earráidí bréagacha den sórt sin a bhrath.
  • Sochar an amhrais. Le linn d’údaráis na mBallstát torthaí an tsampla a eachtarshuí don daonra iomlán, ba cheart dóibh sochar an amhrais a thabhairt do na heagraithe go háirithe tríd an tairseach níos ísle a roghnú sa leibhéal muiníne (i.e. an t-eatramh a fhaightear tríd an lamháil earráide a chur leis an toradh agus a bhaint de).

D’fhéadfaí coinne a bheith leis go gcuirfí líon áirithe ráiteas tacaíochta ó bhail le linn an fhíorúcháin. Dá bhrí sin, moltar d’eagraithe i bhfad níos mó ráiteas tacaíochta a bhailiú ná an milliún is gá.

Má bhraitear roinnt ráitis tacaíochta ón sínitheoir céanna, ba cheart ceann amháin díobh a mheas mar ráiteas bailí, seachas iad ar fad a neamhbhailíochtú.

Ní cheanglaítear ar na Ballstáit leis an Rialachán ach comhleanúnachas na sonraí a chuireann na sínitheoirí ar fáil a sheiceáil agus ní cheanglaítear orthu toil na sínitheoirí tacú le tionscnamh a sheiceáil. Fágann sé sin gur cheart gur leor, go ginearálta, do shaoránach foirm ráitis tacaíochta a líonadh isteach, ar páipéar nó go leictreonach, agus nár cheart go nglaofaí ar an saoránach gníomhú den dara huair trí litreacha nó ríomhphoist a fhreagairt, mar shampla. Mar sin féin, má tá amhras réasúnta ag údarás inniúil faoi chalaois a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr neamhréir sna sonraí a chuirtear ar fáil, rud a dhéanfadh na ráitis tacaíochta a neamhbhailíochtú, is féidir leis an údarás seiceálacha breise a dhéanamh, mar shampla teachtaireachtaí leictreonacha nó litreacha a sheoladh chuig na daoine lena mbaineann, chun a a fháil amach cé acu is iad na daoine lena mbaineann a chuir na ráitis tacaíochta isteach, nó is tríú páirtí neamhúdaraithe a chuir isteach iad.  I gcás den sórt sin is féidir le freagra dearfach ráiteas tacaíochta a ‘ghlanadh’, ráiteas a bheadh neamhbhailí murach sin. Cúis leordhóthanach chun an ráiteas tacaíochta a neamhbhailíochtú is ea freagra diúltach. Mura bhfreagraíonn an sínitheoir, déanfar an ráiteas tacaíochta a neamhbhailíochtú, de réir an mheasúnaithe bunaidh ar neamhréir na sonraí. 

Ní mór do na Ballstáit an teimpléad in Iarscríbhinn VI a leanúint (deimhniú lena ndeimhnítear líon na ráiteas tacaíochta a bailíodh). Moltar do na Ballstáit freisin faisnéis bhreise a chur ar fáil faoin modh fíorúcháin a úsáidtear agus faoi na torthaí. Ní mór aon fhaisnéis bhreise (mar shampla, cúiseanna le cuid de na ráitis tacaíochta a neamhbhailíochtú agus leigheasanna atá ar fáil) a chur ar fáil i ndoiciméad ar leithligh. Má bhíonn líon díréireach ard ráiteas tacaíochta neamhbhailí mar thoradh ar an bpróiseas fíorúcháin, na saincheisteanna nó na neamhrialtachtaí a bhraith na Ballstáit in Iarscríbhinn VI nó i ndoiciméad breise (e.g. ráitis tacaíochta iolracha ón sínitheoir céanna, easpa sonraí céannachta nó botúin eile lena gcuirtear cosc ar údaráis an sínitheoir a shainaithint, sonraí pearsanta neamhréireacha arna soláthar san fhoirm, ráitis pháipéir neamh-inléite, saincheisteanna calaoise), moltar dóibh iad sin a léiriú, ach iad a bheith ar fáil, agus, i gcás inarb iomchuí, na seiceálacha breise a rinneadh a léiriú freisin. Moltar do na Ballstáit freisin an Coimisiún a chur ar an eolas nuair a thagann siad ar shaincheisteanna den sórt sin chun comhroinnt dea-chleachtas agus athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar na treoirlínte sin a éascú.

Pointí teagmhála ar an leibhéal náisiúnta

Ní mór do gach Ballstát pointe teagmhála amháin nó níos mó a bhunú chun faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí eagraithe maidir leis an gcreat dlíthiúil agus na gnéithe praiticiúla faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, an méid seo a leanas san áireamh:

  • Faisnéis agus treoraíocht maidir le nósanna imeachta deimhniúcháin agus fíorúcháin;
  • Faisnéis a thabhairt maidir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, nó iad a threorú chuig údaráis atá in ann faisnéis a thabhairt maidir leis sin, mar shampla maidir le heintitis dhlítheanacha a chruthú;
  • Faisnéis a thabhairt maidir leis an gcosaint sonraí, nó iad a threorú chuig údaráis atá in ann faisnéis a thabhairt maidir leis sin.

Meastar go gcuideoidh na pointí teagmhála freisin chun feasacht faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a ardú, i gcomhar leis an gCoimisiún agus lena ionadaíochtaí. Iarrtar ar na pointí teagmhála úsáid a bhaint as an ábhar a chuireann an Coimisiún ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais ar shuíomh gréasáin an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh (https://citizens-initiative.europa.eu/spread-word/communication-material_ga).


[1] Mar shampla, thug an sínitheoir uimhir a fhreagraíonn do dhoiciméad aitheantais atá éagsúil leis an uimhir a luaitear (e.g. pasuimhir seachas uimhir aitheantais).

[2] Mar shampla, uimhir na sráide nó an cód poist nuair a bhíonn an seoladh ag teastáil.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?