Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Tá an ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht! Tá uisce ann ar mhaithe leis an phobal, ní haon tráchtearra é!

Tíolacadh agus scrúdú

Ba é Right2Water an chéad tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis an líon íosta sínitheoirí a fháil. Cuireadh é faoi bhráid an Choimisiúin an 20 Nollaig 2013. Féach an phreaseisiúint.

Bhí cruinniú ag na heagraithe le Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, an 17 Feabhra 2014. Féach an phreaseisiúint.

Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2014.

Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 19 Márta 2014 inar leagadh amach na bearta a bhfuil sé i gceist aige a ghlacadh mar fhreagra ar an tionscnamh. Féach an phreaseisiúint.

Freagra an Choimisiúin Eorpaigh

Ghabh an Coimisiún air féin go háirithe na bearta seo a leanas a dhéanamh:

  • cur chun feidhme reachtaíocht cáilíochta uisce an Aontais Eorpaigh a threisiú, ar bhonn na ngealltanas a tugadh sa seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC) agus sa Treoirphlean Uisce;
  • comhairliúchán poiblí uile-Aontais a sheoladh ar an Treoir maidir le hUisce Óil, go sonrach d'fhonn rochtain níos fairsinge a bheith ar uisce den chaighdeán is iomchuí san Aontas Eorpach;
  • feabhas a chur ar an trédhearcacht atá ann i dtaca le bainistiú sonraí fuíolluisce uirbigh agus uisce óil, agus plé a dhéanamh ar na dóigheanna a bhféadfaí caighdeán uisce a thagarmharcáil;
  • idirphlé a bhfuil eagar níos fearr air a chothú idir na páirtithe leasmhara maidir le trédhearcacht in earnáil an uisce;
  • cur leis na tionscnaimh atá ann cheana d'fhonn tagarmharcanna níos leithne a chur ar fáil le haghaidh seirbhísí uisce;
  • cineálacha nuálacha cur chuige a spreagadh maidir le cúnamh forbraíochta (e.g. tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí idir oibreoirí uisce agus do chomhpháirtíochtaí poiblí-poiblí); malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a chur chun cinn (e.g. i dtaca le hionstraimí dlúthpháirtíochta) agus deiseanna nua ar chomhar a aithint;
  • rochtain a bheith ag cách ar uisce óil sábháilte agus ar shláintíocht a mholadh mar phríomhréimse tosaíochta sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

Cáipéisí oifigiúla a bhfuil baint acu leis an gcinneadh:

Obair leantach

Sa rannán seo tugtar faisnéis atá á nuashonrú go rialta ar na bearta leantacha a rinne an Coimisiún agus institiúidí eile ag leanúint den fhreagra ón gCoimisiún.

Gníomhaíocht reachtach:

Reachtaíocht iomchuí an Aontais Eorpaigh atá ann cheana a chur chun feidhme agus a athbhreithniú:

  • Na tuarascálacha cur chun feidhme ina dhiaidh sin i dtaca leis an Treoir Réimse maidir le hUisce agus an Treoir maidir le Tuilte, foilsíodh iad in 2015, in 2019 agus in 2021. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an suíomh gréasáin tiomnaithe.
  • Athbhreithniú ar an gCreat-treoir Uisce ullmhaithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le ceanglais Airteagal 19(2) den Treoir.

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta:

  • I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17/11/2017, tá tagairt shainráite don cheart atá ag saoránaigh ar uisce agus ar shláintíocht faoi phrionsabal 20 – "Rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha".

Trédhearcacht agus tagarmharcáil:

  • Reáchtáladh cruinnithe an 9/9/2014 agus an 12/10/2015 sa Bhruiséil le páirtithe leasmhara maidir le tagarmharcáil a dhéanamh ar chaighdeáin uisce agus seirbhísí uisce. Tá an t-idirphlé sin leis na páirtithe leasmhara ar cheann de na bearta a fógraíodh sa Teachtaireacht agus is éard is aidhm dó tuilleadh trédhearcachta a chothú i leith feidhmíocht seirbhísí uisce agus sláintíochta. Is féidir na doiciméid uile a bhaineann leis an ábhar sin a fháil sa stór.

Comhar forbraíochta agus forbairt inbhuanaithe:

  • ‘uisce agus sláintíocht’ aitheanta ina phríomhréimse tosaíochta ag an gCoimisiún sa chreat forbraíochta ó 2015 amach sa teachtaireacht uaidh dar teideal “A Decent life for all: from vision to collective action” (COM(2014) 335) a glacadh an 02/06/2014. Chuidigh iarrachtaí an Aontais Eorpaigh go mór chun an rochtain uilíoch ar uisce agus ar shláintíocht a choinneáil ar liosta na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe atá le fáil i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (Sprioc 6: Rochtain agus bainistiú inbhuanaithe ar uisce agus ar an tsláintíocht á áirithiú do gach duine), a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25/9/2015.
  • Ina theannta sin, tá an Coimisiún Eorpach ag obair i gcomhar le comhpháirtithe éagsúla d'fhonn cineálacha nuálacha cur chuige maidir le cúnamh forbraíochta a spreagadh (e.g. tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí idir oibreoirí uisce agus do chomhpháirtíochtaí poiblí-poiblí), malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a chur chun cinn (e.g. i dtaca le hionstraimí dlúthpháirtíochta) agus deiseanna nua ar chomhar a aithint. Tá an t-idirphlé seo ar siúl i gceardlanna ar leith agus i bhfóraim idirnáisiúnta. Tá Europaid tar éis ceardlann a reáchtáil ar "Comhpháirtíochtaí nuálacha agus sásraí maoinithe" mar bhealach le rochtain ar uisce óil agus ar shláintíocht a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha. Bhí d’aidhm ag an ócáid sin freisin plé a dhéanamh ar an ról a d'fhéadfadh a bheith ag gníomhaithe agus institiúidí an Aontais Eorpaigh i dtaca le comhar uisce a spreagadh agus le dea-chleachtais a roinnt le chéile. Le linn an tseisiúin théamaigh ar an ‘Maoiniú nuálach le haghaidh oibreoirí agus gníomhaithe beaga díláraithe i réimsí an uisce agus na sláintíochta’ ag an seachtú Fóram maidir le hUisce an Domhain sa Chóiré Theas, leag an Coimisinéir Mimica béim chomh maith ar an ngealltanas atá tugtha ag an Aontas i leith na ceiste seo.

Tuilleadh eolais

  • Ghlac Parlaimint na hEorpa tuarascáil féintionscnaimh maidir leis an obair leantach a rinneadh de dhroim an tionscnaimh "Right2Water" an 8/9/2015.
  • I seisiún iomlánach de chuid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15/10/2014, ghlac an Coiste a thuairim maidir leis an Teachtaireacht a thug an Coimisiún mar fhreagra ar an tionscnamh "Right2Water".
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?