Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit agus cosnaítear daoine agus an comhshaol ar lotnaidicídí tocsaineacha

Tíolacadh agus scrúdú

Rinneadh an tionscnamh Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit agus cosnaítear daoine agus an comhshaol ar lotnaidicídí tocsaineacha a thíolacadh don Choimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2017, tar éis do na heagraithe 1,070,865 ráiteas tacaíochta a bhailiú. Féach an phreaseisiúint.

Bhuail na heagraithe le Céad Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Frans Timmermans, agus an Coimisinéir um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, Vytenis Andriukaitis, an 23/10/2017. Féach an phreaseisiúint.

Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 20/11/2017.

Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 12/12/2017 inar leagadh amach na bearta a bhfuil sé i gceist aige a dhéanamh mar fhreagairt ar an tionscnamh Cuirtear toirmeasc ar ghliofosáit agus cosnaítear daoine agus an comhshaol ar lotnaidicídí tocsaineacha. Féach an phreaseisiúint.

Freagra an Choimisiúin Eorpaigh

Doiciméid oifigiúla:

Príomhchonclúidí na Teachtaireachta:

  • Maidir leis an gcéad aidhm, mar atá toirmeasc a chur ar luibhicídí atá bunaithe ar an ngliofosáit, chinn an Coimisiún nach bhfuil foras eolaíochta ná foras dlí ann a thabharfadh bonn cirt le toirmeasc a chur ar ghliofosáit, agus nach ndéanfadh sé togra reachtach ina leith.
  • Maidir leis an dara haidhm, 'deimhin a dhéanamh de nach mbunófar an mheastóireacht eolaíochta ar lotnaidicídí le haghaidh formheas rialála san Aontas Eorpach ach ar staidéir foilsithe amháin, ar staidéir iad a choimisiúnaigh na húdaráis phoiblí inniúla seachas tionscal na lotnaidicídí', thug an Coimisiún gealltanas togra reachtach a thíolacadh faoi Bhealtaine 2018 chun, i measc nithe eile, trédhearcacht mheasúnuithe riosca an Aontais sa slabhra bia a neartú agus, trí bhíthin sraith beart, feabhas a chur ar rialachas maidir le staidéir de chuid an tionscail a reáchtáil a chuirtear faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) le haghaidh measúnú riosca. Féach na sonraí thíos faoi ‘Obair leantach’.
  • Maidir leis an tríú haidhm, mar atá 'spriocanna éigeantacha uile-AE don laghdú ar úsáid lotnaidicídí a shocrú d’fhonn todhchaí gan lotnaidicídí a bhaint amach', bheartaigh an Coimisiún díriú ar chur chun feidhme na Treorach maidir le hÚsáid Inbhuanaithe, agus déanfaidh sé athmheastóireacht ar an gcás mar atá. Déanfar an chéad chuid den obair sin i dtuarascáil chuig an gComhairle agus chuig an bParlaimint faoi chur chun feidhme na Treorach, atá le cur i dtoll a chéile in 2019. Thug an Coimisiún gealltanas freisin táscairí riosca comhchuibhithe a bhunú le go mbeifear in ann monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí ar leibhéal an Aontais agus na sonraí a eascraíonn as sin a úsáid mar bhonn chun roghanna beartais amach anseo a chinneadh.

Obair leantach

Tá eolas sa rannán seo faoin obair leantach a rinne an Coimisiún agus institiúidí eile, ag leanúint den fhreagra ón gCoimisiún:

Gníomhaíocht reachtach maidir le haidhm 2 (‘deimhin a dhéanamh de nach mbunófar an mheastóireacht eolaíochta ar lotnaidicídí le haghaidh formheas rialála san Aontas Eorpach ach ar staidéir fhoilsithe amháin [...]’):

An 11 Aibreán 2018 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht ar mheasúnú riosca an Aontais Eorpaigh sa slabhra bia mar fhreagra ar an dara haidhm atá ag an tionscnamh (féach thuas).

Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair is imní do shaoránaigh, agus ag tarraingt ar Sheiceáil Oiriúnachta an Choimisiúin maidir le Dlí Ginearálta an Bhia, leasú spriocdhírithe a bhí sa togra ar Rialachán maidir le Dlí Ginearálta an Bhia, agus a mhéid a bhaineann le gnéithe trédhearcachta agus rúndachta, ar ocht ngníomh reachtacha earnálacha eile.

Cé nár díríodh leis an tionscnamh ó na saoránaigh ach ar réimse na dtáirgí cosanta plandaí, bunaithe ar an togra ón gCoimisiún, cumhdaíodh leis an Rialachán an slabhra bia iomlán agus na táirgí rialáilte go léir sa slabhra bia.

Tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle teacht ar chomhaontú, foilsíodh an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 6 Meán Fómhair 2019. Tar éis dó teacht i bhfeidhm 20 lá tar éis a fhoilsithe, bhí feidhm aige 18 mí ina dhiaidh sin, i.e. an 27 Márta 2021.

 

Is é is aidhm do phríomhghnéithe an Rialacháin:

  • Tuilleadh trédhearcachta a chinntiú: Beidh rochtain uathoibríoch ag saoránaigh ar na staidéir agus an fhaisnéis uile a thíolacfaidh lucht tionscail mar chuid den phróiseas measúnaithe riosca. Rachfar i gcomhairle freisin leis na geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne maidir le staidéir a tíolacadh. Ag an am céanna, ráthófar rúndacht leis an Rialachán, i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo, tríd an gcineál faisnéise a aithint a d’fhéadfaí a mheas a bheith díobhálach go mór do leasanna tráchtála, agus ar faisnéis í nach féidir a nochtadh dá bhrí sin.
  • Neamhspleáchas na staidéar a mhéadú: Tabharfar fógra don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia maidir leis na staidéir uile a coimisiúnaíodh, chun a ráthú go ndéanfaidh cuideachtaí atá ag déanamh iarratas ar údarúcháin an fhaisnéis ábhartha uile a chur isteach, agus nach gcoinneoidh siad siar na staidéir neamhfhabhracha. Cuirfidh an tÚdarás comhairle ghinearálta ar fáil d’iarratasóirí chomh maith, fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe, sula dtíolacfar an tionscnamh. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an Údarás staidéir bhreise a choimisiúnú chun críocha fíoraithe agus, idir Márta 2021 agus Márta 2025, reáchtálfaidh sé misin aimsithe fíoras chun a fhíorú go bhfuil na caighdeáin is infheidhme á gcomhlíonadh ag na saotharlanna/na staidéir.
  • An rialachas agus an comhar eolaíoch a neartú: Beidh na Ballstáit, an tsochaí shibhialta agus Parlaimint na hEorpa páirteach i rialachas an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia trí ionadaíocht chuí a bheith acu ar an mBord Bainistíochta. Cothóidh na Ballstáit acmhainn eolaíoch an Údaráis agus ceapfaidh siad na saineolaithe neamhspleácha is fearr don obair a bheidh ar siúl aige.
  • Cumarsáid chuimsitheach maidir le rioscaí a fhorbairt: Leagtar amach sa Rialachán nua na cuspóirí agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le cumarsáid maidir le rioscaí. Sna blianta atá le teacht, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, glacfaidh an Coimisiún plean ginearálta cumarsáide maidir le rioscaí chun straitéis chomhleanúnach chumarsáide maidir le rioscaí a chinntiú tríd an bpróiseas anailíse rioscaí go léir, mar aon le hidirphlé oscailte i measc na bpáirtithe go léir a bhfuil spéis acu ann.

Tá an Coimisiún agus EFSA ag obair i ndlúthchomhar chun cur chun feidhme cuí an Rialacháin nua a chinntiú.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh gréasáin ábhartha de chuid an Choimisiúin.

Gníomhaíocht reachtach agus neamhreachtach maidir le haidhm 3 (‘spriocanna éigeantacha uile-AE a shocrú don laghdú ar úsáid lotnaidicídí d’fhonn todhchaí gan lotnaidicídí a bhaint amach’):

Laghdú lotnaidicídí: príomhthosaíocht na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’

Sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ a foilsíodh i mí Bealtaine 2020, leagtar amach spriocanna uaillmhianacha maidir le lotnaidicídí, go háirithe laghdú 50% ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus ar úsáid na lotnaidicídí is guaisí, agus ar an riosca a bhaineann leo.

Chun eolas atá cothrom le dáta a fháil faoi na forbairtí maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí agus táscairí riosca comhchuibhithe, féach suíomh gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?