Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil

 

Tíolacadh agus scrúdú

Cuireadh an tionscnamh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’ faoi bhráid an Choimisiúin an 11 Eanáir 2023, tar éis dó 1,119,996 ráiteas tacaíochta fíoraithe a bhailiú. Féach an preasráiteas.

An 6 Feabhra 2023 bhuail na heagraithe le Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht de chuid an Choimisiúin, agus le Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach. Féach an preasráiteas agus na grianghraif.

Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 27 Márta 2023. Féach an taifeadadh.

Pléadh an tionscnamh ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2023. Féach an taifeadadh.

Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 5 Iúil 2023 ina leagtar amach a fhreagra ar an tionscnamh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’. Féach an phreaseisiúint.

Freagra an Choimisiúin Eorpaigh

Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
Factsheet - Successful Initiatives - Stop Finning-Stop the trade
Gaeilge
(541.01 KB - PDF)
Íoslódáil

 

Príomhchonclúidí na Teachtaireachta:

Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

● Tús a chur, gan mhoill, leis an obair ullmhúcháin d’fhonn measúnú tionchair a sheoladh, faoi dheireadh 2023, ar na hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an mbeartas ‘eití orthu ó nádúr’ a chur i bhfeidhm maidir le siorcanna a chur ar mhargadh an Aontais, bíodh sin laistigh den Aontas nó le haghaidh trádáil idirnáisiúnta (iompórtálacha agus easpórtálacha).

● Faoi dheireadh 2024, eolas níos mionsonraithe a sholáthar i dtaca le hiompórtálacha agus le heaspórtálacha an Aontais chun staitisticí maidir le trádáil táirgí siorcanna a fheabhsú.

● Na bearta inrianaitheachta láidre atá ag an Aontas cheana féin a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr trí neartú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú dhlí an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir leis an slabhra luacha ar fad - rialú na hiascaireachta ar muir, inrianaitheacht iomlán táirgí siorcanna ó thabhairt i dtír go dtí tomhaltóirí, faisnéis do thomhaltóirí, agus trádáil neamhdhleathach a chosc agus a cheartú - agus trína chinntiú go mbaileoidh agus go dtuairisceoidh iascairí agus údaráis na mBallstát faisnéis iomlán iontaofa i ndáil leis na gnéithe sin go léir.

● Dlús a chur le gníomhaíocht idirnáisiúnta an Aontais: tacú le toirmeasc domhanda ar eite-theascadh siorcanna agus cur chun feidhme éifeachtach na mbeart caomhnaithe agus bainistithe do speicis siorcanna a neartú; laghdú ar an éileamh ar eití siorca a spreagadh; agus gáinneáil ar eití siorcanna a chomhrac.

 

An 25 Aibreán 2023, bhuail an Coimisinéir Virginijus Sinkevičius le heagraithe an tionscnaimh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’ chun freagra an Choimisiúin ar an tionscnamh a phlé.

Obair leantach

Sa dara leath de 2023, thosaigh an Coimisiún Eorpach ag obair ar mheasúnú tionchair ar na hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an mbeartas ‘eití orthu ó nádúr’ a chur i bhfeidhm maidir le siorcanna a chur ar mhargadh an Aontais, bíodh sin laistigh den Aontas nó le haghaidh trádáil idirnáisiúnta (iompórtálacha agus easpórtálacha).

An 22 Feabhra 2024 d’fhoilsigh an Coimisiún glao ar fhianaise chun tuairimí agus saineolas a fháil maidir le hiarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhainfeadh le toirmeasc féideartha ar dhíolacháin eití scaoilte siorcanna san Aontas agus ar a dtrádáil idirnáisiúnta, chomh maith le roghanna beartais féideartha chun cosaint níos fearr a thabhairt do shiorcanna agus éiceachórais mhuirí bhainteacha. Comhlánaíodh an glao ar fhianaise le comhairliúchán poiblí ar bhí ar oscailt go dtí an 4 Meitheamh 2024.  Faigh tuilleadh eolais ar an leathanach tiomnaithe.

Thairis sin, tá an Coimisiún ag obair chun na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. Baineann sin, i measc nithe eile, le cur i bhfeidhm Rialachán athbhreithnithe an Aontais maidir le rialú ar iascach agus an Rialacháin maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2024 agus le cur i bhfeidhm liostú siorcanna CITES. Tá an Coimisiún ag smaoineamh freisin ar ghníomhaíochtaí breise a bhfuil gá leo chun inrianaitheacht táirgí siorcanna a ráthú i gcomhar le grúpaí saineolaithe na mBallstát. Tionóladh cruinniú tiomnaithe maidir leis an ábhar sin an 1 Márta 2024.  

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá an Coimisiún ag dul i dteagmháil le comhpháirtithe idirnáisiúnta d’fhonn, i measc nithe eile, toirmeasc domhanda ar eite-theascadh agus laghdú ar thomhaltas domhanda siorcanna a bhaint amach. Ó fhómhar 2023 tá ceist an eite-theasctha agus na n-iarrachtaí caomhnaithe siorcanna ardaithe le roinnt comhpháirtithe, ag an Idirphlé Ardleibhéil leis an tSín, i dteagmhálacha déthaobhacha lena macasamhlacha Seapánacha, agus i gcomhthéacs na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (FAO) san áireamh. Thairis sin, i gcomhthéacs eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna), d’oibrigh an tAontas go dlúth leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe eile ag cruinniú bliantúil an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) i mí na Samhna 2023, chun tacaíocht a bhailiú do thogra chun an beartas ‘eití orthu ó nádúr’ a ghlacadh. Cé nár bhain an togra an comhaontú ba ghá amach ag an ócáid sin, leanfaidh an tAontas den bheartas ‘eití orthu ó nádúr’ a chur chun cinn in ICCAT agus in ERBInna eile, ina dtuairiscíonn cabhlach an Aontais gabhálacha siorcanna, d’fhonn toirmeasc ar eití a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach ar deireadh. 

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?