Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Beartas maidir le seoltaí ríomhphoist na ndaoine atá liostáilte le nuachtlitir an príobháideachais Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

An oibríocht phróiseála: Bainistíocht ar an liostáil le nuachtlitir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

An Rialaitheoir Sonraí: An Coimisiún Eorpach

An Rialaitheoir Oibriúcháin Sonraí: Aonad SG.A.1 “Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre”

Tagairt taifid: DPR-EC-03928

1. Réamhrá

Baineann an ráiteas príobháideachais seo leis an oibríocht phróiseála “Bainistíocht ar an liostáil le nuachtlitir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh” arna déanamh ag Aonad SG.A.1 an Choimisiúin Eorpaigh, “Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre”.

Is ionstraim dhaonlathach rannpháirtíochta é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chuireann ar chumas saoránach athruithe praiticiúla dlí a mholadh i réimse ar bith ina bhfuil an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach (“an Coimisiún” anseo feasta) reachtaíocht a mholadh. Is i Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a leagtar amach an creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an ionstraim sin.

Tá an Coimisiún tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Déanann Aonad SG.A.1 an Choimisiúin Eorpaigh, “Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre” do shonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh chun gur féidir leat nuachtlitir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a fháil.

Is thar ceann an rialaitheora oibriúcháin Aonad SG.A.1 an Choimisiúin Eorpaigh, “Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre”, a bpróiseáltar do shonraí pearsanta ag baint úsáid as an bhfeidhmchlár “EU Newsroom”, córas bainistithe nuachta a d'fhorbair an Coimisiún agus arna oibriú ag Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta [1].

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Liostáil tú chun nuachtlitir ón gCoimisiún Eorpach a fháil maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ar tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é.

Próiseálaimid do shonraí pearsanta mar gheall gur thug tú do thoiliú do shonraí pearsanta a phróiseáil chun an fhaisnéis arna hiarraidh a fháil.

Sa chás sin is dleathach an phróiseáil de réir Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725, ina sonraítear go bhfuil:

“go bhfuil toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch sonrach amháin nó níos mó.”

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn Aonad SG.A.1 an Choimisiúin Eorpaigh, “Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre”, na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas (féach an fhoirm le liostáil: https://citizens-initiative.europa.eu/newsletter/subscribe_ga):

- Do sheoladh ríomhphoist agus do rogha teanga, rudaí atá ag teastáil chun do rochtain mar dhuine atá liostáilte leis an tseirbhís a chinntiú.

Ach liostáil leis an tseirbhís, déantar próifíl úsáideora a chruthú duit nó déantar do phróifíl úsáideora a thabhairt cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Newsroom. Mar chuid de do phróifíl, tá sé de rogha agat tuilleadh sonraí pearsanta a thabhairt (teideal, ainm baiste, sloinne, tír chónaithe, an earnáil lena mbaineann tú) agus liostáil le nuachtlitreacha eile. Má thugann tú na sonraí pearsanta breise seo, is pearsantaithe an t-eispéireas a bheidh agat ar an tseirbhís (e.g. ábhar agus faisnéis níos spriocdhírithe).

5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Ní choimeádann Aonad SG.A.1 an Choimisiúin Eorpaigh, “Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre”, do shonraí pearsanta ach amháin a fhad agus is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh, is é sin go dtí go gcuireann tú an cinneadh in iúl do phróifíl a scriosadh.

Féadfaidh tú do thoiliú a tharraingt siar nuachtlitir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a fháil ag am ar bith ach an nasc atá sa bhuntásc atá ag bun gach nuachtlitreach a sheolaimid chugat a leanúint. Sa chás sin, ní scriostar do phróifíl úsáideora go huathoibríoch óir d'fhéadfadh sé gur liostáil tú chun nuachtlitreacha eile Newsroom a fháil.

Chun do phróifíl úsáideora a scriosadh, cliceáil ar an nasc seo: https://ec.europa.eu/newsroom/ecif/logout.cfm

Ní choimeádann Newsroom ach na sonraí reatha. Ní chláraítear taifead ar bith. Gach uair a athraítear rud éigin sa phróifíl úsáideora, cuirtear an t-athrú i bhfeidhm láithreach ar na sonraí atá i Newsroom. Tá sin amhlaidh má chuirtear an phróifíl úsáideora ar ceal. Nuair a dhéantar sin, cuirtear an phróifíl ar ceal ar an bpointe agus níl bealach ar bith ann chun é a fháil ar ais.

Coinnítear na sonraí pearsanta ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis idirghníomhaíocht dheireanach an ábhair sonraí le córas bainistithe nuachta “EU Newsroom” an Choimisiúin Eorpaigh.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do bhaill foirne údaraithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do bhaill foirne eile an Choimisiúin atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d'aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar “ábhar sonraí” faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. Tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá ceart chun iniomparthacht sonraí agat.

Tá toiliú tugtha agat do shonraí pearsanta a sholáthar d'Aonad SG.A.1 an Choimisiúin Eorpaigh, “Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre”, le haghaidh na hoibríochta próiseála seo. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

· Féadfaidh tú a fhíorú cé na sonraí pearsanta atá stóráilte ar do shon, na sonraí a leasú, a cheartú nó a scriosadh ach logáil isteach ar do phróifíl úsáideora le do sheoladh ríomhphoist: https://ec.europa.eu/newsroom/ecif/logout.cfm

· Féadfaidh tú freisin do thoiliú a tharraingt siar nuachtlitir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a fháil ag am ar bith ach an nasc atá sa bhuntásc atá ag bun gach nuachtlitreach a sheolaimid chugat a leanúint. Sa chás sin, ní scriostar do phróifíl úsáideora go huathoibríoch óir d'fhéadfadh sé gur liostáil tú chun nuachtlitreacha eile Newsroom a fháil. Chun do phróifíl úsáideora a scriosadh, cliceáil ar an nasc thuas.

Gach uair a athraítear rud éigin sa phróifíl úsáideora ar cheann den dá bhealach thuas, cuirtear an t-athrú i bhfeidhm láithreach ar na sonraí atá i Newsroom. Tá sin amhlaidh má scriosann tú do phróifíl úsáideora.

· Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos. I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d'iarraidh.

Láimhseálfar aon iarraidh a dhéanfaidh tú ar an mbealach sin a bhaineann le feidhmiú do cheart, laistigh d'aon mhí amháin ón iarraidh sin a fháil.

9. Sonraí teagmhála

- An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a thíolacadh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Oibriúcháin Sonraí ag:

An Coimisiún Eorpach

Ardrúnaíocht

Stiúrthóireacht A ‘Straitéis, Rialáil Fheabhsaithe & Rialachas Corparáideach’

Aonad A.1 “Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre”

B – 1049 an Bhruiséil

Teil. +32 2 29 92165

R-phost: SG-ECI-mailing@ec.europa.eu

- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (data-protection-officer@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. Tuilleadh eolais

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí a ndearnadh doiciméadú orthu agus ar tugadh fógra dó ina leith. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: https://ec.europa.eu/info/about-european-commission/service-standards-and-principles/transparency/data-processing-register_ga.

Áirítear an oibríocht phróiseála shonrach sin ar chlár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-03928.

Tá tuilleadh eolais theicniúil maidir le feidhmiú an fheidhmchláir Seomra Nuachta san áireamh sa Taifead DPR-EC-00841 – ar Sheomra Nuachta ar láithreán gréasáin an Mhargaidh Aonair Dhigitigh.

Tá faisnéis ghinearálta maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs chur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le fáil ag: https://citizens-initiative.europa.eu/how-it-works/data-protection_ga


[1] Féach taifead DPR-EC-00841 ‘Seomra nuachta shuíomh gréasáin an Mhargaidh Aonair Dhigitigh’ ar: https://ec.europa.eu/dpo-register/detail/DPR-EC-00841.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?