Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Minority Safepack – aon mhilliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip

Tíolacadh agus scrúdú

Cuireadh Minority Safepack – aon mhilliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 10 Eanáir 2020, tar éis do na heagraithe 1,123,422 ráiteas tacaíochta a bhailiú. Féach an phreaseisiúint.

An 5 Feabhra 2020, bhuail na heagraithe le Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht de chuid an Choimisiúin agus Mariya Gabriel, an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige.

Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 15 Deireadh Fómhair 2020. Féach an phreaseisiúint.

Pléadh an tionscnamh ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2020. Sa rún a glacadh an 17 Nollaig 2020, chuir Parlaimint na hEorpa a tacaíocht in iúl don tionscnamh. Féach an phreaseisiúint ó Pharlaimint na hEorpa.

Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 14 Eanáir 2021 ina leagtar amach an chaoi a dtacaíonn reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana agus a glacadh le déanaí leis na gnéithe éagsúla den tionscnamh Minority SafePack. Leagadh amach tuilleadh gníomhaíochtaí leantacha sa fhreagra. Féach an phreaseisiúint.

Freagra an Choimisiúin Eorpaigh agus bearta leantacha

Doiciméad oifigiúil:

Príomhchonclúidí na Teachtaireachta:

Cuimsiú agus meas ar éagsúlacht shaibhir chultúrtha na hEorpa, is é sin ceann de thosaíochtaí agus cuspóirí an Choimisiúin. Réimse leathan bearta a thugann aghaidh ar roinnt gnéithe de thograí an tionscnaimh, glacadh iad le blianta beaga anuas ón uair a cuireadh an tionscnamh i láthair den chéad uair in 2013. Leis an Teachtaireacht, déantar measúnú ar gach ceann de na 9 dtogra aonair de réir a dtuillteanas féin, agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á gcur san áireamh. Cé nach bhfuil aon ghníomh dlíthiúil eile á mholadh, soláthraítear le cur chun feidhme iomlán na reachtaíochta agus na mbeart atá ann cheana sraith beart chun tacú le spriocanna an tionscnaimh.

Gníomhaíocht leantach

Déanann an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme roinnt tionscnamh de chuid an Aontais a glacadh sular tíolacadh ‘Minority SafePack’, ar tionscnaimh iad atá ábhartha go díreach don tionscnamh ó na saoránaigh. Leanann sé de ghníomhaíochtaí beartais a dhéanamh sna réimsí sin freisin. Mar shampla:

  • Cuireann an Coimisiún cláir mhaoiniúcháin chun feidhme i réimsí an chultúir agus an oideachais (go háirithe Erasmus+) atá go hiomlán inrochtana do phobail bheaga réigiúnacha nó do phobail theanga mionlaigh. Is féidir teacht ar roinnt samplaí de thionscadail a chuireann teangacha réigiúnacha agus mionlaigh chun cinn agus atá á maoiniú ag Erasmus anseo.

 

  • I dtaca le rialacha maidir le maoiniú ón Aontas i gcoitinne, tá an Coimisiún tar éis comhlíonadh na gceart bunúsach i gcistí an Aontais a threisiú. I Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC) lena leagtar amach rialacha do bhuiséad 2021-2027 tá ‘coinníoll cumasúcháin’ lena gceanglaítear ar na Ballstáit comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha a chinntiú mar aon le prionsabal an neamh-idirdhealaithe nuair atá cistí an Aontais a chumhdaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna á n-eisíoc. Leanfaidh siad sin de thacaíocht a thabhairt do lánpháirtiú socheacnamaíoch lena n-áirítear pobail imeallaithe, grúpaí leochaileacha lena n-áirítear mionlaigh eitneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí agus riachtanais arna sainaithint ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit.

 

  • Maidir le deiseanna taighde, ‘Fís Eorpach’, an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) atá ann faoi láthair, agus a chláir chur chun feidhme, go háirithe faoi Bhraisle 2 ‘Cultúr, agus sochaí chruthaitheach chuimsitheach’, cuirtear deiseanna taighde ar fáil maidir le héagsúlacht chultúrtha agus teanga san Eoraip. Féadfar taighde a dhéanamh ar mhionlaigh náisiúnta nó ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga ó pheirspictíochtaí éagsúla agus úsáid á baint as modheolaíochtaí ó na heolaíochtaí sóisialta agus ó na daonnachtaí éagsúla.

 

  • Maidir leis na tograí ón tionscnamh a bhaineann leis na seirbhísí meán closamhairc, go háirithe saoirse chun seirbhísí a sholáthar agus glacadh ábhair chlosamhairc i réigiúin ina bhfuil cónaí ar mhionlaigh náisiúnta a chinntiú, mar obair leantach ar an gcéad athbhreithniú gearrthéarmach ar an Rialachán maidir le Geobhlocáil, d’eagraigh an Coimisiún, in 2021 agus 2022, idirphlé leis an earnáil chlosamhairc chun teacht ar chomhaontú maidir le céimeanna nithiúla chun infhaighteacht agus rochtain ar ábhar closamhairc a fheabhsú ar fud an Aontais. Bhí an cruinniú deiridh den idirphlé ann an 6 Nollaig 2022. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

 

 

Faisnéis eile

I mbreithiúnas ón 9 Samhain 2022 (cás T-158/21), dhiúltaigh Cúirt Ghinearálta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an iarraidh ó ghrúpa na n-eagraithe ‘Minority SafePack’ teachtaireacht C(2021) 171 ón gCoimisiún a neamhniú. Chinn an chúirt nár bhris an Coimisiún an dlí ná nár sháraigh sé a oibleagáidí cúiseanna leordhóthanacha a lua ina theachtaireacht, inar luaigh an Coimisiún nach raibh gá le tuilleadh reachtaíochta ag an bpointe seo chun na cuspóirí atá á lorg ag an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a bhaint amach.

Tá tuilleadh eolais sa Phreaseisiúint maidir leis an mbreithiúnas

Chuir na heagraithe achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais an 21 Eanáir 2023.

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?