Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Beartas príobháideachas maidir le hidirghabháil leis na hAmbasadóirí TES

Oibríocht phróiseála: Feachtas Cumarsáide TES - idirghabháil leis na hAmbasadóirí TES

Rialaitheoir Sonraí: An Coimisiún Eorpach, Ard-Rúnaíocht, Aonad SG.A.1 ‘Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre’

Tagairt taifid: DPR-EC-09286

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bpróiseálann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais iad agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an chaoi a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Ina theannta sin, tugtar sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Cuirtear an fhaisnéis maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Feachtas cumarsáide TES’ a dhéanann Aonad A.1 d’Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh (Aonad SG.A.1) i láthair thíos.

2. Cén fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta agus cén chaoi a ndéantar sin?

Cuireann an Coimisiún Eorpach an ‘Feachtas Cumarsáide TES’ i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Is é an cuspóir atá leis ‘feasacht a ardú i measc an phobail gurb ann don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus faoi na cuspóirí a ghabhann leis agus a fheidhmiú (...) agus ar an gcaoi sin, (...) rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a chur chun cinn.’

Ar thacaí an fheachtais chumarsáide TES tá cur chun cinn TES trí na hAmbasadóirí TES.

Tá na hAmbasadóirí TES ina n-iolraitheoirí gníomhacha don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, nó cuidíonn siad le cur chun cinn luachanna agus teachtaireachtaí TES ar an láthair, i mBallstáit an Aontais nó ar leibhéal an Aontais. Glacann na hambasadóirí páirt i réimse gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, lena n-áirítear:

  • Ábhar maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a scaipeadh trína mbealaí chumarsáide (suíomh gréasáin, meáin shóisialta, foilseacháin, imeachtaí, etc.)
  • Páirt a ghlacadh i bhfeachtais meán sóisialta a sheolann an Coimisiún chun teachtaireachtaí TES a thabhairt chuig na saoránaigh agus páirtithe leasmhara eile
  • Tacú le haithint na gceannairí tuairimíochta a bhfuil acmhainneacht mhór for-rochtana acu agus leis an teagmháil leo (i.e. ceiliúráin áitiúla, gníomhaithe, cinnteoirí, lucht tionchair, etc.)
  • Tacú le ceapadh, eagrú agus cur chun cinn na n-imeachtaí laistigh dá líonra

Is é is aidhm do bhailiú agus próiseáil do shonraí pearsanta ag Aonad SG.A.1 a chur ar do chumas duit ról an Ambasadóra TES a chur i gcrích. Chuige sin, ní mór na hoibríochtaí próiseála seo a leanas a dhéanamh:

  • Próiseáil na sonraí lenar féidir thú a cháiliú mar ambasadóir TES, mar atá, measúnuithe atá faoi deara do roghnaithe mar ambasadóir TES
  • Próiseáil do shonraí teagmhála mar ambasadóir TES chun cuirí a chur chugat páirt a ghlacadh in imeachtaí cumarsáide TES
  • D’ainm agus do shloinne, teideal d’fheidhme, mar aon le sonraí teagmhála meán sóisialta, grianghraf agus nóta beathaisnéise, a bhailiú agus/nó a tháirgeadh agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin TES,
  • Faireachán ar mheáin shóisialta na nAmbasadóirí agus gníomhaíochtaí cur chun cinn eile a bhaineann le TES

Baileofar do chuid sonraí de láimh trí bhíthin an chonraitheora (Netcompany – Intrasoft S.A., 2b, rue Nicolas Bové, L-1253 Luxembourg, Ard-Diúcacht Lucsamburg, ríomhphost: eci@netcompany-intrasoft.com).

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

Thairis sin, is dócha go nglacfaidh na hAmbasadóirí TES páirt i ngníomhaíochtaí sonracha eile san fheachtas cumarsáide TES** agus san Fhóram TES.

Is dócha, dá bhrí sin, go bpróiseálfar do shonraí pearsanta i comhthéacs oibríochtaí próiseála eile:

  • nuair a dhéanann ambasadóirí TES idirghabháil leis an gCoimisiún agus leis na saoránaigh trí Fhóram TES – tá mionsonraí ar fáil i dtaifead próiseála sonraí DPR-EC-00828 an Choimisiúin agus sa ráiteas príobháideachais ábhartha;
  • nuair a aibhsítear ambasadóirí TES in ábhar bolscaireachta an fheachtais cumarsáide TES - tá mionsonraí ar fáil i dtaifead próiseála sonraí DPR-EC-09286 an Choimisiúin agus sa ráiteas príobháideachais comhfhreagrach maidir le ‘Ullmhú agus scaipeadh ábhar bolscaireachta an fheachtais cumarsáide TES’;
  • nuair a ghlacann ambasadóirí TES páirt in imeachtaí an fheachtais cumarsáide TES (ar líne nó as líne), mar chainteoirí nó mar rannpháirtithe – tá mionsonraí ar fáil i dtaifead próiseála sonraí DPR-EC-01063 an Choimisiúin agus i ráitis phríobháideachais an imeachta shonraigh;
  • nuair a ghlacann ambasadóirí TES páirt sna comhairliúcháin le páirtithe leasmhara TES (ar líne nó as líne), mar chainteoirí nó mar rannpháirtithe – tá mionsonraí ar fáil i dtaifead próiseála sonraí DPR-EC-01011 an Choimisiúin agus i ráiteas príobháideachais an chomhairliúcháin shonraigh le páirtithe leasmhara.

Aon phróiseáil den chineál sin i gcomhair cuspóirí eile, bíonn sí faoi réir ráiteas sonrach príobháideachais ábhartha i gcónaí, agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir toiliú sonrach uaitse.

------------------------------------------------------------------------

**Tá tuairisc na n-oibríochtaí próiseála sin sa ráiteas príobháideachais maidir leis an bhfeachtas cumarsáide TES atá foilsithe ag: https://citizens-initiative.europa.eu/privacy-policy_ga

3. Cad iad na forais dhlíthiúla ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

De réir Airteagal 18(1) de Rialachán TES, ‘Déanfaidh an Coimisiún feasacht a ardú i measc an phobail gurb ann don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus faoi na cuspóirí a ghabhann leis agus faoina fheidhmiú, trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus feachtais faisnéise, agus ar an gcaoi sin, déanfaidh sé rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a chur chun cinn.’

Is le leas an phobail agus i gcomhréir leis an oibleagáid dhlíthiúil a leagtar ar an gCoimisiún le Rialachán TES a dhéantar na hoibríochtaí próiseála uile i gcomhthéacs an fheachtais cumarsáide TES.

Bailímid agus próiseálaimid do shonraí pearsanta mar pháirtí leasmhar TES, agus na sonraí is gá chun tú a cháiliú mar ambasadóir TES, toisc go bhfuil gá leis an bpróiseáil a dhéantar i gcomhair an chuspóra a luaitear faoi Roinn 2, pointe (a) thuas (sonraí teagmhála, measúnuithe a bhí faoi deara do roghnú mar ambasadóir TES) chun cúram a dhéantar le leas an phobail a chur i gcrích.

Bailímid agus próiseálaimid do shonraí pearsanta mar Ambasadóir TES ar bhonn toiliú uaitse (eadhon cairt na nAmbasadóirí TES a bheith sínithe agat), i gcomhair na gcuspóirí a luaitear faoi Roinn 2, pointí (b), (c) agus (d) thuas.

Cinntímid go gcuirtear coimircí sonracha leordhóthanacha i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a phróiseáil, i gcomhréir leis an reachtaíocht cosanta sonraí is infheidhme.

Tá do thoiliú faighte againn go díreach uaitse i scríbhinn trí do shíniú ar ‘Chairt na nAmbasadóirí’.

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Próiseálfaimid do shonraí seo a leanas mar Ambasadóirí TES:

  • Sonraí teagmhála a fuarthas uait nó a fhaightear ó bhunachair sonraí ábhartha oifigiúla nó ó bhunachair sonraí ábhartha de chuid an Choimisiúin, ó chaidrimh áitiúla gníomhaireachtaí nó de chuid an Choimisiúin arb ann dóibh cheana, nó ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí: ainm, sloinne, sainroghanna náisiúntachta/teanga, teideal feidhme/poist, ainm na heagraíochta, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, ainmneacha úsáideoirí cuntas meán sóisialta;
  • nótaí beathaisnéise agus grianghraif a chuir tú ar fáil lena bhfoilsiú ar shuíomh TES,
  • measúnuithe an Choimisiúin agus na gconraitheoirí a bhí faoi deara do roghnaithe mar ambasadóir TES, barúlacha agus tuairimí a bhí mar chuid den idirphlé leis an gCoimisiún agus leis na conraitheoirí, cairt na n-ambasadóirí TES arna síniú, tuairiscí ó na gníomhaíochtaí meán sóisialta agus eile a chuir an conraitheoir ar bun ar bhonn na faisnéise atá ar fáil go poiblí.

Féadfar sonraí pearsanta eile de chuid na nAmbasadóirí TES a phróiseáil i gcomhthéacs na n-oibríochtaí próiseála eile a chuirtear leis an bhfeachtas cumarsáide TES, mar atá luaite faoi roinn 2, agus go háirithe má sholáthraíonn ambasadóir TES teistiméireacht maidir lena thaithí le TES mar chuid den fheachtas cumarsáide TES nó má ghlacann sé páirt in imeacht cumarsáide TES nó i gcomhairliúchán spriocdhírithe. Déanfar aon phróiseáil den chineál sin i gcomhréir leis an ráiteas príobháideachais infheidhme agus ar bhonn do thoilithe shonraigh, i gcás inarb infheidhme.

5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choimeádann Aonad SG.A.1 do shonraí pearsanta ach ar feadh na tréimhse ama is gá chun cuspóir a mbailithe nó a bpróiseála a thuilleadh a chur i gcrích, eadhon ar feadh uastréimhse 12 mhí tar éis duit scor d’fheidhm an Ambasadóra TES.

Doiciméid (tuarascálacha, comhfhreagras, faisnéis airgeadais más ábhartha etc.) ina bhfuil sonraí pearsanta, coimeádfaidh an Coimisiún Eorpach iad ar feadh 10 mbliana agus déanfar iad a chartlannú i gcomhréir le creat dlíthiúil an Choimisiúin agus a stóráil in ARES (Advanced Records System [Córas Taifead Ardfhorbartha]) faoi fhreagracht na hArdrúnaíochta (féach taifead DPR-EC-00536).

Féadfar ábhar closamhairc áirithe a chartlannú lena chaomhnú go buan, i gcomhréir le forálacha an Liosta Coinneála Choitinn ar Leibhéal an Choimisiúin (SEC(2022)400), chun críocha stairiúla chun stair agus oidhreacht chlosamhairc an Choimisiúin agus an Aontais Eorpaigh a dhoiciméadú, a chaomhnú agus a chur ar fáil.

6. Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála ar fad de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásail chonarthaigh shonraigh maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679). Is san Aontas Eorpach agus ann amháin atá na freastalaithe lonnaithe ar a bpróiseálann agus ar a stórálann Netcompany – Intrasoft S.A. a bhunachair shonraí.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le cúrsaí slándála ar líne agus leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ceann de na bearta eagraíochtúla is ea gan cead rochtana ar na sonraí a thabhairt ach amháin do dhaoine údaraithe a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’ agus do bhaill foirne údaraithe an chonraitheora (Netcompany – Intrasoft S.A.). Cloíonn na baill foirne sin le comhaontuithe reachtúla agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Foilseofar d’ainm agus do shloinne, teideal d’fheidhme, do shonraí teagmhála meán sóisialta, do ghrianghraf agus do nóta beathaisnéise ar an suíomh gréasáin TES.

Féadfaimid d’ainm, do shloinne, d’eagraíocht agus do shonraí teagmhála a roinnt le páirtithe leasmhara TES eile ar bhonn an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’ chun eagrú imeachtaí eile san fheachtas a éascú.

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. Nuair is infheidhme, tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá ceart agat chun iniomparthacht na sonraí.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).

Tá do thoiliú tugtha tú le próiseáil do shonraí pearsanta a bhaineann le d’earcú mar ambasadóir TES. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála sin le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríocht phróiseála ar leith amháin nó níos mó, luaigh a dtuairisc (i.e. a dtagairt/dtagairtí Taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

9. Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, an Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht, Aonad SG. A.1 - ‘Tosaíochtaí Beartais & Clár Oibre’: SG-ECI-mailing@ec.europa.eu

  • Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (edps@edps.europa.eu) (i.e. gearán a dhéanamh leis) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.

10. An áit a bhfuil faisnéis níos mionsonraithe le fáil

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach a doiciméadaíodh agus a cuireadh in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo a leanas: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach seo curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-09286.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?