Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Rialacha agus doiciméid

Rialacha chomórtas ImagineEU

Tá an tréimhse iarratais dúnta.

 

Trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas seo, aontaíonn tú leis na Rialacha Comórtais seo a leanas.

Ní thabharfar aird ar iarratais nach gcomhlíonann na ceanglais seo.

Is é Netcompany-Intrasoft (Bainisteoir an Chomórtais) a bhainistíonn an comórtas thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh agus faoi chonradh ag an gCoimisiún (Ardrúnaíocht, Aonad A.1 – Tosaíochtaí Beartais & Clár Oibre).

Cad leis a mbaineann an comórtas seo?

Sa chomórtas seo iarrtar ar dhaltaí atá sa dá bhliain dheireanacha den mheánoideachas ó thíortha uile an Aontais, faoi mhaoirseacht múinteora, gearrfhíseán a chruthú agus a chomhroinnt faoi smaoineamh praiticiúil atá acu le feabhas a chur ar a bpobal féin agus gníomhaíocht a mholadh ba mhaith leo an tAontas Eorpach a dhéanamh. Ba cheart aghaidh a thabhairt san fhíseán ar ábhar a thagann faoi cheann amháin de réimsí inniúlachta an Aontais Eorpaigh – mar is amhlaidh i gcás na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

Ba cheart ábhair imní agus smaointí na ndaltaí a chur in iúl leis an teachtaireacht san fhíseán. Ba cheart an mhórtheachtaireacht a bheith soiléir, agus ba cheart an gníomhaíocht a bheartaítear a bheith ábhartha do thíortha uile an Aontais.

Tá an comórtas seo ag cur le coincheap an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, uirlis thábhachtach de chuid an daonlathais rannpháirtíochta san Aontas, a thugann deis do shaoránaigh páirt ghníomhach a ghlacadh i gceapadh beartais an Aontais. Is féidir an comórtas a chomhcheangal le húsáid na nUirlisí Oideachasúla do Scoileanna, rud a thabharfadh deis do na daltaí tuilleadh eolais a fháil faoin Aontas agus faoin dóigh ar féidir leo a bheith ina saoránaigh ghníomhacha leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

NB. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ionann an comórtas agus an próiseas oifigiúil chun tús a chur le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

Cé atá in ann páirt a ghlacadh?

Ba cheart na físeáin a fhorbairt agus a léiriú i ngrúpaí de suas le seachtar daltaí sa dá bhliain dheireanacha den mheánoideachas ón scoil chéanna, faoi mhaoirseacht aon mhúinteora amháin nó beirt mhúinteoirí ón scoil chéanna.

Incháilitheacht
Ginearálta
  1. San áireamh sna scoileanna incháilithe tá scoileanna poiblí agus scoileanna príobháideacha nó aon scoil eile a aithnítear go hoifigiúil agus a chuireann oideachas dara leibhéal ar fáil.
  2. Ba cheart na scoileanna rannpháirteacha a bheith lonnaithe i mBallstát den Aontas: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.
  3. Is féidir le roinnt grúpaí daltaí ón scoil chéanna cur isteach ar an gcomórtas ach níor cheart do dhalta a bheith ina bhall de níos mó ná grúpa amháin. Ba cheart na daltaí sna foirne a bheith sa scoil chéanna, ach ní gá gur ón rang céanna a bheidís.
  4. Ní cheadaítear ach aon fhíseán amháin in aghaidh na foirne a chur isteach.
  5. Is é an múinteoir maoirseachta amháin a fhéadfaidh na físeáin a chur isteach.
  6. Ba cheart do na daltaí rannpháirteacha an Ráiteas Príobháideachais a léamh agus a dtoiliú a thabhairt gur féidir iad a thaifeadadh agus a dtoiliú a thabhairt páirt a ghlacadh sa chomórtas tríd an bhFoirm Údaraithe a shíniú. Ní mór do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí dlíthiúla na ndaltaí an Fhoirm Údaraithe a shíniú freisin.
Ábhar na bhfíseán
  1. Ní thabharfar aird ar fhíseáin nach bhfuil ábhartha do théama an chomórtais nó a chomhroinntear trí chainéal nach ceann de na cainéil a shonraítear don chomórtas seo é (YouTube nó Vimeo). San fhoirm iarratais roghnaigh ón liosta an réimse nó na réimsí inniúlachta de chuid an Aontais a ndéanann an físeán tagairt dó nó dóibh.
  2. Níor cheart daoine seachas na daltaí atá ag glacadh páirt sa chomórtas a bheith le feiceáil sna físeáin.
  3. Diúltófar d’fhíseáin a bhfuil ábhar do-ghlactha iontu. I measc na bhforas do dhiúltú tá na cinn seo a leanas ach ní hiad na forais sin amháin atá ann: sárú ar chearta tríú páirtí, caint mhaslach, íomhánna gáirsiúla nó míchuí, ábhar atá idirdhealaitheach nó gríosaitheach do ghrúpaí nó do dhaoine aonair, ábhar a nochtann eolas pearsanta nach bhfuil gá léi, chomh maith le físeáin neamhiomlána. Ba cheart an t-ábhar a bheith i gcomhréir le (i) luachanna an Aontais, mar a leagtar amach iad in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le (ii) na cearta a dtugtar tuairisc orthu i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
  4. Is féidir físeáin a léiriú agus a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus is gá tras-scríbhinn atá aistrithe go Béarla ag chur in éineacht leo. Is féidir fotheidil i mBéarla a chur leo freisin, ach níl siad riachtanach.
Formáid na bhfíseán
  1. Ba cheart na físeáin a uaslódáil go YouTube nó Vimeo. Is iad na formáidí físeáin a mholtar don uaslódáil .mov nó .mp4.
  2. Ní mór an nasc YouTube/Vimeo chuig d’fhíseán a chur san fhoirm iarratais.
  3. Ná bíodh an físeán níos faide ná 3 nóiméad.
  4. Moltar na físeáin a scannánú i bhformáid tírdhreacha (treoraíocht chothrománach). Ní mór na físeáin a thaifeadadh le gléas ardcháilíochta (ceamara nó fón póca), ionas go mbeidh an fhuaim ar ardchaighdeán.
Cóipcheart

Ní mór gach físeán a bheith ina bhunsaothar, agus ba cheart na rannpháirtithe a bheith ina n-úinéirí aonair nó ba cheart na cóipchirt a bheith aistrithe chucu. Moltar do na rannpháirtithe ábhair atá saor ó chóipcheart a úsáid.

Ba cheart do na rannpháirtithe bunchomhad digiteach a bhfíseáin a choinneáil, toisc go bhféadfaí iarraidh orthu a chruthú gurb iad úinéirí an tsaothair iad. D’fhéadfaí iarraidh ar iarrthóirí an chomórtais eolas breise a chur ar fáil.

Foirm Údaraithe

Is féidir an Fhoirm Údaraithe a íoslódáil ó leathanach an chomórtais in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Ní mór í a líonadh isteach, a shíniú agus a chur isteach (mar chomhad scanta nó mar ghrianghraf) mar chuid den iarratas le haghaidh gach dalta atá ag glacadh páirt sa chomórtas. Mura ndéanann daltaí amhlaidh, beidh an t-iarratas neamh-incháilithe.

Ní mór do gach dalta atá le feiceáil san fhíseán agus dá dtuismitheoirí nó dá gcaomhnóirí dlíthiúla an Fhoirm Údaraithe a líonadh isteach agus a shíniú. Ba cheart an oiread céanna foirmeacha údaraithe a chur leis an iarratas agus atá daltaí le feiceáil san fhíseán.

Mura gcuirtear na foirmeacha údaraithe uile isteach agus iad líonta isteach i gceart, beidh an t-iarratas neamh-incháilithe.

An Fhoirm Iarratais a chur isteach

Ba cheart don mhúinteoir maoirseachta an fhoirm iarratais atá á hóstáil ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a líonadh isteach. Ba cheart don iarratasóir logáil isteach ar sheirbhís fíordheimhniúcháin úsáideora an Choimisiúin Eorpaigh ar a dtugtar ‘EU Login’, ar shuíomh gréasáin Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Is féidir iarratais a chur isteach go dtí an 13 Nollaig 2023 (24:00, am lár na hEorpa). Ní thabharfar aird ar iarratais a chuirtear isteach tar éis an sprioc-ama sin.

Ní mór gach roinn den Fhoirm Iarratais a líonadh isteach le go mbeidh an t-iarratas incháilithe.

Tá na gnéithe seo a leanas san áireamh san fhoirm iarratais:

  • Eolas faoin múinteoir maoirseachta (iarratasóir): ainm, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, ainm na scoile agus tír.
  • Eolas faoin dalta: céadainm agus sloinne, foirmeacha údaraithe le haghaidh gach dalta atá ag glacadh páirte (suas le seachtar), iad líonta isteach agus sínithe go cuí.
  • Eolas faoin bhfíseán: an nasc URL mar a uaslódáladh go YouTube nó Vimeo é, teideal an fhíseáin, cur síos gairid (500 carachtar ar a mhéid), teanga an fhíseáin (as 24 theanga oifigiúla an Aontais), agus tras-scríbhinn aistrithe go Béarla.
  • An réimse nó na réimsí inniúlachta de chuid an Aontais faoina dtiteann coincheap an fhíseáin.

Mura líontar an fhoirm iarratais isteach i gceart, beidh an t-iarratas neamh-incháilithe.

Meastóireacht ar na hiarratais

Is é Bainisteoir an Chomórtais, agus é ag obair faoi chonradh ag an gCoimisiún Eorpach, a dhéanfaidh measúnú ar incháilitheacht na n-iarratas. Ina dhiaidh sin déanfaidh an Bainisteoir na físeáin a sheiceáil agus na cinn atá incháilithe a uaslódáil agus a chur ar fáil don vótáil phoiblí. Nuair a bheidh an tréimhse vótála thart, déanfaidh giúiré a bheidh comhdhéanta d’oifigigh de chuid an Aontais agus ionadaithe ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta measúnú ar na bhfíseán is mó vótaí ó thaobh ábharthachta, soiléireachta, úrnuachta, agus cruthaitheachta de chun na trí fhoireann bhuaiteacha a chinneadh.

Cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh agus meastóireacht á dhéanamh ar na físeáin:

  • Ábharthacht don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (0-25 phointe): An bhfuil an smaoineamh taobh thiar den fhíseán ábhartha mar théama do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh?
  • Soiléireacht (0-50 pointe): An bhfuil an teachtaireacht soiléir agus gonta?

  • Cruthaitheacht (0-25 phointe): An smaoineamh úrnua é? An dtugann an fhoireann aghaidh ar an smaoineamh ar bhealach suimiúil? An úsáideann siad gnéithe nó tréithe a tharraingíonn aird an luchta féachana?

Ní mór do na hiarratasóirí 60 pointe ar an iomlán a bhaint amach chun bheith incháilithe don duais. Cuirfear an fhoireann nó na foirne a bhuann an comórtas ar an eolas trí shonraí teagmhála an mhúinteora atá ar an bhfoirm iarratais faoin 20 Feabhra 2024. Déanfar na buaiteoirí a fhógairt ar leathanach gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus ar chainéil oifigiúla eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

Forchoimeádann eagraithe an chomórtais an ceart teagmháil a dhéanamh leis na scoileanna rannpháirteacha le linn an phróisis meastóireachta chun sonraí a bhaineann leis an iarratas a shoiléiriú.

Duais: Turas staidéar chun na Bruiséile

Bronnfar turas staidéar chun na Bruiséile, atá beartaithe don 21-23 Márta 2024, ar na trí fhoireann a bhuann an comórtas – beidh gach foireann comhdhéanta de suas le seachtar daltaí agus suas le beirt mhúinteoirí. Le linn an turais beidh an deis ag na daltaí casadh le hionadaithe ó na hInstitiúidí Eorpacha chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a gceaptar beartais agus dlíthe an Aontais agus faoin gcaoi ar féidir leo páirt a ghlacadh sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Cumhdaíonn an duais speansais taistil na foirne idir an áit a bhfuil an scoil lonnaithe sa Bhallstát agus an Bhruiséil, aisíocaíocht na gcostas lóistín ar feadh dhá oíche agus liúntas laethúil chun costais eile a chlúdach (thart ar €113 an duine in aghaidh an lae), de réir rialacha an Choimisiúin Eorpaigh maidir le speansais taistil a chlúdach.

Beidh ar na foirne a bhuann an comórtas, a bheidh comhdhéanta de suas le seachtar daltaí agus suas le beirt mhúinteoirí, a speansais lóistín féin a íoc agus aisíocfar iad laistigh de 30 lá tar éis an turais. Chun na críche sin, beidh ar gach rannpháirtí nó institiúid a chumhdaigh na costais an fhoirm faisnéise cuntas bainc líonta, a dticéid agus a bpasanna bordála a chur isteach agus an fhoirm aiseolais a líonadh isteach freisin. Déanfar teagmháil leis na foirne a bhuann an comórtas maidir le socruithe taistil.

Tabharfar cuireadh do na foirne a bhuann an comórtas clár eagraithe a leanúint le linn a dturais.

Déanfar físeáin na bhfoirne a bhuann an comórtas a chur chun cinn ar chainéil oifigiúla an Choimisiúin Eorpaigh agus fotheidil i mBéarla curtha leo. Cuirfear sainaitheantas físeach an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh leis na físeáin agus iad á bhfoilsiú.

Séanadh

Ní féidir na heagraithe a chur faoi dhliteanas i gcás ar bith as aon timpiste, costas, damáiste díreach nó indíreach a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar rannpháirtíocht sa chomórtas seo. Ní féidir na heagraithe a chur faoi dhliteanas i gcás ar bith as an gcomórtas a bheith curtha ar ceal, curtha ar athlá, nó leasaithe mar gheall ar imthosca gan choinne. Féadfaidh na dátaí a luaitear athrú ar chúiseanna eagrúcháin nó mar gheall ar imthosca gan choinne.

Ní bheidh na heagraithe faoi dhliteanas i gcás ar bith as aon mhoill, athrú, suaitheadh, cealú, atreorú nó ionadú, as an duais nó na duaiseanna gan a bheith ar fáil mar gheall ar laethanta saoire poiblí áitiúla nó dálaí eile a d’fhágfadh nach mbeadh an duais nó na duaiseanna ar fáil. Ní bheidh an conraitheoir faoi dhliteanas i leith a n-oibleagáidí gan a bheith curtha i gcrích mar gheall ar phaindéim, tubaiste nádúrtha, ordú nó rialachán rialtais, nó aon chúis eile nach bhfuil aon neart acu uirthi.

Forchoimeádann na heagraithe an ceart an comórtas seo a mhodhnú nó deireadh a chur leis, go sealadach nó go buan, tráth ar bith, gan fógra roimh ré a thabhairt do na rannpháirtithe.

Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh agus go n-éirí leat!

 

Eolas ginearálta faoi chomórtas físeán ImagineEU

Treoirlínte maidir le físeán a dhéanamh

 Taifeadadh: Buncheanglais theicniúla  
  • moltar 720p, 1080p nó 4K | 25fps, 30fps nó 60fps 
  • Formáid tírdhreacha (cas d’fhón ar a thaobh) (molta) 
  • suas le 3 nóiméad ar fad  
  • .mp4 nó .mov 
Taifeadadh: Noda teicniúla  
  • Soilsiú: Is fearr solas nádúrtha ó fhuinneog. Is fearr i gcónaí a bheith os comhair d’fhoinse solais seachas é a bheith ar do chúl, rud a chruthaíonn scáthanna.  
  • Fuaim: Seachain timpeallachtaí atá an-torannach nó gaofar. Bain úsáid as micreafón Bluetooth/seachtrach agus é nasctha leis an bhfón nó leis an gceamara, más féidir é.  
  • Cúlra: Roghnaigh cúlra simplí gan rud ar bith a chuirfeadh isteach ar an radharc. Coinnigh fad idir tú féin agus an cúlra chun é a dhéanamh chomh doiléir agus is féidir.  
  • Iarr cuidiú: Lig do dhuine éigin d’fhón cliste a choinneáil duit ionas gur féidir leat an príomhlionsa a úsáid in áit an lionsa féinín. 
Cineál ceamara a mholtar  
  • Ceamara DSLR nó ceamara gan scáthán 
  • Ceamara fóin a mholtar: iPhone 11 nó os a chionn, Samsung Galaxy ardleibhéil, nó fón atá cosúil leo.  
  • Trealamh breise: Is féidir tríchosach, maide féinín, giombal nó micreafón a úsáid chun feabhas a chur ar do théiceanna agus iad a dhéanamh níos socra, ach níl gá leo.  
  • Eagarthóireacht físeáin: Ar Microsoft Windows is féidir Windows Movie Maker a úsáid, agus ar macOS tá iMovie ar fáil, cuireann GoPro feidhmchlár ar fáil darb ainm QuickApp lenar féidir na bunrudaí a dhéanamh, cuireann Adobe an feidhmchlár Premiere ar fáil, cuireann Apple an feidhmchlár Final Cut ar fáil, agus cuireann DaVinci an feidhmchlár Blackmagic ar fáil le haghaidh úsáid ghairmiúil.  

Más rud é gur mian leat fotheidil i mBéarla a chur le d’fhíseán, is féidir leat na bogearraí Adobe PremiereFinal Cut Pro a úsáid. 

Ceol  

Má úsáideann tú ceol, molaimid duit ceol atá saor ó chóipcheart a úsáid. Má bhíonn amhras ort, ceadaigh Creative Commons le cinntiú nach bhfuil tú ag briseadh an dlí. 

Comhaontú ceadúnais  

Le cinntiú gur féidir linn d’fhíseán a fhoilsiú ar ár gcainéil ar na meáin shóisialta agus ar ár suíomhanna gréasáin, dearbhaíonn tú go bhfuil gach cóipcheart glanta agat, cearta ceoil san áireamh.  

Príobháideachas sonraí  

Tríd an bhFoirm Údaraithe a shíniú, dearbhaíonn gach duine atá le feiceáil san fhíseán gur cuireadh ar an eolas iad faoi chuspóirí an fhíseáin, faoin áit a bhfoilseofar é, agus faoina gcearta príobháideachais sonraí mar a leagtar amach sa Ráiteas Príobháideachais iad.  

Eolas breise 

Bíodh teideal agus creidiúintí san fhíseán féin maidir le gach eolas, íomhá, fuaim nó gearrthóg físe nach leatsa iad. Ní mór tagairt chuí a dhéanamh do gach eolas a chuirtear i láthair san fhíseán, chun sonraí na foinse bunaidh a thabhairt.  

Bain úsáid as íomhánna, píosaí scannáin agus ceol atá saor ó chóipcheart nó atá san fhearann poiblí. 

Ní cheadaítear físeáin a chur isteach a fheidhmíonn ar bhealach ar bith mar fhógraíocht do tháirge, do pháirtí polaitíochta nó do chuideachta.  

Teanga  

Is féidir físeáin a chruthú in aon cheann de theangacha an Aontais agus is féidir iad a chur isteach le fotheidil nó gan iad.  

Ní mór tras-scríbhinn atá aistrithe go Béarla a bheith ag gabháil leo, mar a iarrtar san Fhoirm Iarratais.

 

Ráiteas príobháideachais

Ráiteas príobháideachais
Gaeilge
(320.1 KB - PDF)
Íoslódáil

Foirm údaraithe (riachtanach le físeán a chur isteach)

Foirm údaraithe
Gaeilge
(52.81 KB - DOCX)
Íoslódáil
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?